Guth Ghoill, Eagrán 65

Eagrán 65 Nollaig 2019 27 ‘The reindeer we hunt over hill and dell In common and on battlefield as well. Never a man did me excel in foreign lands and foreign climes I travelled twice three hundred times’ Bhí claonadh in aghaidh na Sasanaigh le feiceáil sa rann fosta ‘All foreign laws I did subdue And thrashed John Bull’s bloody crew’ Seo píosa as rann Gholl Mac Morna ‘ My name is Gall of the mighty blows and on the point of John Bull’s nose I’ll land my fist as evening closes And make him kiss my Irish toes’ Tá an claonadh seo le feiceail i rann Oisín fosta mar ‘So Ireland’s sons should have no fear to swell the ranks of the volunteers to fight for freedom and Home Rule three cheers for my father King Fionn Mac Cumhaill’ to solve the mystery of this affair’ Tá an téama atá ag rith fríd an dráma seo cosúil leis na drámaí Nollag eile mar go bhfuil réamhrá, troid, marú, aiseirí, maithiúnas agus lorg déirce iontu uilig. Tá na tréithe seo leanas sa scéal faoi Na Fianna- greann, éad, grá, fearg, maíomh, náisiúnachas srl. Ag deireadh fuair fear an bhosca seans cúpla port meidhreach a sheinm agus bhí seo mar spreagadh ag an lucht féachána níos mó airgid a chur sa bhosca déirce, corruair bheadh fonn damhsa nó ceol orthu fosta. Nuair nach raibh gléas ceoil sa ghrúpa cheoladh Mummer amhrán. ‘Sean South from Garryowen’ an t -amhrán ba choitianta a bhí le cluinstin i gcónai. Bhí muid ag eirí aníos sa saol mar go raibh seanrothar ag achan mhac madaí faoin am seo. Thaistil muid ó cheann ceann na paróiste agus mar gheall ar sin chruinnigh muid neart airgid. Bhí ganntanas airgid fá achan teach, mar sin cha raibh sé neamhchoitianta an t-airgead a shaorthaigh Mummer a fhágáil ar an tábla san oíche sa dóigh gur thóg do mháthair a cuid féin as. Bhí an chaint uilig ar an scoil i dtrátha na Nollag faoi Na Mummers agus ba é an cheist a bhi i mbéal achan scoláire na ‘Cá mhéad a rinne sibh aréir’ Sin an cheist a bhí ag an chuid is mo de na daoine fásta fosta ach ma sea fhéin chan fhuair siad

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3