Guth Ghoill, Eagrán 65
Eagrán 65 Nollaig 2019 28 uilig an freagra céanna no fiú an freagra ceart. 1964 --- Sos. Lean muid leis an nós seo go dtí 1964, sin an bhliain a chuaigh mé go Coláiste Éinde i nGaillimh. De bharr brú ama cha raibh mise ábalta a dhul amach sna Mummers ar fead cúig bliana. Tá mé den bharúil gur thit an tóin as an ghrúpa sin go goirid ina dhiaidh sin. Fuair m’athair bás i 1969, go ndéana Dia trócaire air agus tháinig mise ar ais go Baile na Deora i 1970, bhí post agam i Leitir Ceanainn. Thug mé faoi dear go raibh athruithe ag teacht ar an áit, bhí an saol ag dul thart agus bhí an domhain ag éirí níos lú. Ach bhí Johnny Cullen mar a bhí sé i gcónaí. Bhí croí mór aige, bhí sé cáirdiúil, bhí sé lán spraoi agus diabhlaíochta agus bhí suim mhór aige sna Mummers go fóill. Cha raibh Mummers bheaga ná Mummers mhóra thart ar leithinis Ros Goill le cúpla bliain agus chuaigh Johnny agus mé fhéin i ngleic leis an fhadhb sin chun í a réiteach. Gléas úr Taistil. Cha raibh i bhfad go raibh grúpa curtha le chéile againn ach an uair seo bhí cúpla athrú suntasach le feiceáil. Bhí muid críonna faoin fhéin, faoi chúrsaí thart orainn agus faoi nósanna a bhain le rudaí áirithe. Bhí gléas úr taisteala againn. Bhí Danny Ghallchóir as an Ghlíob linn, cheannaigh Danny an seancharr a bhí ag an Dr. Ó Ceallaigh, Vauxall Victor le dath dearg agus AIH 234 an uimhir chláraithe a bhí uirthi. Bhí sé furasta go leor a theacht ar bhaicle le dhul amach san am adaí mar go raibh muid uilig óg agus aerach agus ag cuartú spórt agus spraoi. Thaistil muid go leor áiteacha ar fud thuais- ceart an Chondae, áiteacha fiú nach raibh mé féin riamh iontu. Mar sin féin shocraigh muid gan a dhul amach ach oícheanta ag deireadh na seachtaine . Rinne muid na tithe cónaithe idir a hocht agus a deich san oíche agus tar éis a deich dhírigh muid isteach ar áit ar bith a raibh baicle daoine cruinnithe ann. Mar a dúirt mé leis an ghrúpa oíche amháin agus muid ag pleanáil don deireadh seachtaine a bhí romhainn, ‘Nil teach ar bith, fiú teach faire sábháilte uainne’. Rinne muid na hallaí damhsa, hallaí bingo, tithe ósta agus dar ndóigh na Lounge Bars a bhi tar éis a theacht ar an saol ag an am sin. Rinne muid an Halla Damhsa ar Neil Ó Cuilinn
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3