Guth Ghoill, Eagrán 65
Eagrán 65 Nollaig 2019 29 an Tearmann ar an Aoine thart fán 12 a chlog. D’fhiafraigh an banna ceoil dínn ar mhaith linn fanacht tamall, d’fhan muid agus chaith muid an chuid eile den oíche ag damhsa. Bhi na mná uilig ag iarraidh damhsa leis na fir seo a bhí gléasta go neamh-choitianta. Gan dabht bhain achan duine sásamh as an oíche. Dúirt Danny Ghallchoir gur chóir dúinn dhul go Tobar an Dún le maithiúnas a iar- raidh ar na peacaí a rinne muid. Oíche lá arna mhárach chuaigh muid go dtí an Chearthú Chaol. Rinne muid an teach ósta deireanach ar an bhaile sin agus d’fhiafraigh fear an bharra dínn ar mhaith linn deoch. Baineadh stangadh asainn mar seo an chéad uair atharla seo dúinn ach bhí uchtach againn ‘tá’ a rá agus bhí tart maith orainn i ndiaidh na ranna a rá ar feadh trí uaire a’ chloig. Chuir sé suas dhá dheoch dúinn agus ansin thosaighmuid fhéin ag ceannacht. Fiú ag an am sin níor ghlac Danny Ghallchóir deoch mar go raibh sé ag tiomáint an oíche sin. Ach bhí fear óg inár measc agus seo an oíche a thosaigh sé ag ól. D’éirigh sé chomh tinn le madadh sula raibh an oíche istigh agus b’éigean dúinn é a iompar amach go dtí an Vauxhall Victor, bhí sé ar dhroim na muice fán am a raibh sé sa bhaile.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3