Guth Ghoill, Eagrán 65

Eagrán 65 Nollaig 2019 3 ariamh. Bhí na seanéadaí céanna uirthi Satharn is Domhnach agus dhéanfadh sí neamhaird de phláta an tsagairt ar an Aifreann. Nach millteanach an rud é sin le rá fá dhuine ar bith mar is cinnte gur ábhar náire a bheadh ann do theaghlach ar bith ag an am, bocht agus eile is mar a bhí siad, dul ar an Aifreann gan cúpla pingin rua a bheith curtha ar leataobh don sagart mór. Tá mé ag insint seo daoibh sa dóigh go dtuigfeadh sibh an cineál cráiteacháin suaraigh a bhí inti agus go raibh Condaí bocht ag obair dá leithéid. Anois, nuair a chuirfeadh Nóra, sin an searbhónta a bhí ag obair do Nellie sa teach, scairt ar Chondaí fá choinne an tae ag a deich ar an Satharn cha ligfeadh Nellie di siúcra a chur ar an tábla don tae. “ Cha bheadh siúcra aige sa bhaile, ” arsa Nellie, “ cad chuige a mbeadh siúcra anseo dó? ” Cibé ar bith bheadh Condaí ina shuí ag an tábla leis fhéin agus bheadh crocán gloine ar an drisiúr ag amharc air is é lán siúcra. A leithéid de chathú a bhí ansin do Chondaí. Anois chan amadán ar bith a bhí i gCondaí agus rinne se neamhaird den chrocán an chéad cúpla uair a bhí sé sa chistin ach sa deireadh thiar thall sin an cathú nach dtiocfadh leis a sheachaint. Bhí sé ina shuí ansin ag amharc ar an chrocán agus é ag déanamh a sheacht dhícheall ar theacht aníos le plean inteacht le cuid den siúcra milis a fháil i ngan fhios do Nellie. Bhí spúnóg ina lámh aige a d ’ úsáid sé leis an ubh a ithe. Ghlan sé an spúnóg lena theanga agus thriomaigh sé í ar a léine. Sa deireadh shiúl sé anonn agus bhain sé an clár den chrocán agus thóg sé amach lán spúnóige den siúcra deas agus chuir sé é ina bhéal. Cha raibh an spúnóg ina bhéal i gceart nuair a chuala sé cnag trom ar an fhuinneog ar a chúl. Léim Condaí bocht leis an scanradh a fuair sé agus thiontaigh sé thart leis an spúnóg ag gobadh amach óna bhéal. Cé a bhí ag amharc isteach ar an fhuinneog? Nellie! Bhí na súile ina cloigeann lasta le fearg agus í ag déanamh damhsa beag agus ag croitheadh a doirn le Condaí. D ’ imigh sí as amharc ansin agus an chéad rud eile phléasc an doras tosaigh isteach agus sheas Nellie roimhe. “ A ghadaí bhig, ” a dúirt sí, chan iontas ar bith é nár leor deich mbomaite duitse agus tú ag líonadh do bhoilg le mo chuid siúcrasa. Seo imigh leat. ” Char bhog Condaí orlach. “ Ar chuala tú mé a mhaistín gan mhúineadh, ” arsa Nellie, “ síos an bóthar leat anois. Thig leat insint do do mháthair fán chineál mic a thóg sí. ”

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3