Guth Ghoill, Eagrán 65

Eagrán 65 Nollaig 2019 30 Ba dhuine de bhunadh Thoraí agus Na nDúnaibh a bhí i Séamus Mac a Bháird. Fear a bhí ann a bhí díograiseach agus dílis don Ghaeilge. Nuair a fuair sé bás sa bhliain 1951 shíl a theaghlach agus a chairde go raibh an chaibidil dheireanach dá shaol scríofa. Ach nach orthu a bhí an dul amú! Mar, i ndiaidh dó bheith ina luí go huaigneach in áiléar dorcha le cúig bliana agus trí scór, thángthas trasna ar lámhscríbhinn luachmhar a scríobh Séamus Mac a' Bháird. Seo lámhscríbhinn a bhí gan iomrá gan eolas go dtí seo. Rinne an lámhscríbhinn a bealach go doras an Ollaimh Nollaig Mac Congáil - saineolaí agus saoi ar scríbhneoireacht Thír Chonaill. Rinne Nollaig eagarthóireacht ghrinn uirthi, eagarthóireacht a léirigh meas agus urraim ar Shéamus agus ar na coincheapa a bhí aige. Mhair an eagarthóireacht ar feadh dhá bhliain agus tá an saothar réidh anois le cur i láthair an phobail. Fear ildánach oilte ab ea Séamus Mac a' Bháird. Scoth damhsóra a bhí ann - roinneadh an dara duais idir é féin agus damhsóir eile i gcomórtas port dúbailte agus coir ag Oireachtas na bliana 1901. Ceapadh é mar thimire de chuid Conradh na Gaeilge do Dhún na nGall agus do na coda sin de Chontae Thír Eoghain agus Chontae Dhoire a bhí go fóill sa Ghaeltacht i 1902. Mhéadaigh a chlú agus a cháil nuair a cuireadh a scéal Troid Bhaile an Droichid i gcló sa nuachtán An Claidheamh Soluis i 1904. Foilsíodh an scéal mar leabhar ina dhiaidh sin sa bhliain 1907. Ina theannta sin deirtear gurb é a chum An Maidrín Rua, meascán den amhránaíocht, den cheol agus den damhsa, gníomhachtaí gur ansa le muintir Thoraí go dtí an lá inniu. Tá sé luaite gurb é a chum an t - amhrán sin Beití Sally Dan chomh maith. Scéal ficsin atá sa leabhar faoi eachtraí a tharla d'fhear a d'fhág Toraigh ina óige agus a sheol fríd fharraigí na cruinne ar bord soithigh éadaí. Tá macalla na staire ag snaidhmeadh fríd an leabhar, rud a chuirfidh go mór lenár dtuiscint ar shaol dhuine amháin ar aistear a bheatha. Eachtraí Mara Phaidí Pheadair as Toraigh teideal an leabhair agus cuirimid fearadh na fáilte roimh an úrscéal breá seo a scríobh Séamus Mac a' Bháird sa chéad cheathrú den chéad seo caite. Leabhar eisceachtúil atá ann ar go leor bealaí, scéal ar

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3