Guth Ghoill, Eagrán 65

Eagrán 65 Nollaig 2019 31 shaol dhrabhlásach Phaidí Pheadair ó cheann ceann na cruinne, saol atá lán d'eachtraíocht, saol de chineál nach gcastar orainn de ghnáth i litríocht na Gaeilge. Tá an leabhar scríofa i nGaeilge agus i gcanúint shaibhir Thoraí, saibhreas atá á chailliúint de réir a chéile, faraor. Ní raibh cáil na scríbhneoireachta ar Thoraigh, rud nach raibh amhlaidh ná fíor fá oileáin Ghaeltachta eile ar fud na hÉireann. Mar sin, cuirimid fáilte faoi leith roimh an leabhar sháiniúil, shuimiúil seo. Solamar agus seoid ón tseanaimsir. Sheol an Dr. Eithne Ní Ghallchobhair ó Acadamh Ríoga na hÉireann an leabhar seo ag ócáid sheolta in Óstán Loch Altán, Gort a' Choirce ar an Aoine an 6 Nollaig i gcuideachta an phríomh - eagarthóra, an tOllamh Nollaig Mac Congáil agus rinne siad amhlaidh sna Dúnaibh ar an Satharn an 7 Nollaig. Eithne Ní Ghallchobhair, Nollaig Mac Congáil, Caoimhín Mac a' Bháird & Aingeal Nic a' Bháird Caoimhín ag bronnadh leabhar ar Aodh Mac Laifeartaigh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3