Guth Ghoill, Eagrán 65

Eagrán 65 Nollaig 2019 34 Cá dtéann na bliantaí agus nach mór na hathruithe a tharann leofa? Tá cuimhne mhaith agam ar Nollaig agus mé ag fás aníos i mBaile na Deora. Cha raibh mórán de chuid an tsaoil ag muintir Ros Goill an t - am sin, léan agus leatrom is mó a bhí ag daoine. Bhí bád Dhoire agus an imirce ina gcuid lárnach de shaol na ndaoine. Mar sin féin rinneadh iarracht mhór féilte agus ócáidí speisialta a chéiliúradh agus a chomóradh. Rinneadh iarracht faoi leith ag Nollaig a bheith fial agus fláithiúil lena chéile. Rudaí cosúil le húllaí, oráistí, barra seacláide agus leabhar a gheobhas muidinne i stocaí na Nollag. Ach, go minic théadh mo mháthair go dtí ’ n aonach i mBaile na nGallóglach agus cheannódh sí cúpla rud speisialta dúinn. Tá cuimhne agam leabhar péinteála agus bocsa beag péinteanna a fháil bliain amháin agus bocsa lán d ’ abhair fuála a fháil bliain eile. Shíl mé go raibh mé ar mhuin na muice. Tá cuimhne agam ar bhliain amháin a dtáinig m ’ uncail John ‘ na bhaile don Nollaig, an Nollaig dheireanach dó ar an tsaol seo mar a tharla, (báitheadh é i 1955). Bhí John i gcabhlach na Breataine (British Navy) agus corruair thiocfadh an bád ar a raibh sé isteach go Doire. Ar Oíche Nollaig 1954 fuair sé bus na nDúnaibh as Doire. Thug carr le muintir Uí Ghallachabhair é as Carraig Airt go Baile na Deora. Sular fhág sé Carraig Airt cheannaigh sé bloc uachtar reoite, rud nach raibh mórán de chleachtadh againne air san am sin. Nuair a tháinig sé chomh fada le Baile na Deora bhí páistí an tí uilig ina luí agus muid ag feitheamh le Santa! San am sin, cha raibh a leithéid de rud agus cuisneoir (fridge) i dteach ar bith. Leoga, cha raibh leictreachas sna tithe. Mar sin b ’ éigeán do mo mháthair muidinne a chur inár suí leis an uachtar reoite a ithe láithreach bonn. Nach orainn a bhí an lúchair an féasta seo a bheith againn! Chomh maith le sin bhí a fhios againn go dtabharfadh John airgead dúinn nuair a bheadh sé ár bhfágáil, rud a rinne sé i dtólamh. Ach, ós rud é go raibh muid inár suí go mall an Nollaig áirithe sin bhí eagla orainn fosta go mbeadh Santa crosta linn agus nach mbeadh a dhath sna stocaí ar maidin ach cufráin mhóna! Nollaig 1957 bhí m ’ athair in Lerwick in Oileáin Shetland in Albain. San am sin bhí sé de ghnás ag cuid d ’ fhir na háite imeacht go háiteanna áirithe ag an ‘ guttáil ’, ag glanadh scadán. I measc na n - áiteanna a dtéadh said bhí Oileán Mhanainn, Yarmouth, Lowestoft chomh maith le Shetland. Dóigh a bhí ann le hairgead breise a shaothrú don teaghlach. An Nollaig

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3