Guth Ghoill, Eagrán 65

Eagrán 65 Nollaig 2019 35 áirithe seo tháinig Dinny Éamoinn Mac Fhionnghaile, an posta, go dtí an teach s ’ againne le beart mór as Shetland. Chuir m ’ athair cúpla bréagán agus roinnt éadaí úra chugainn agus istigh sa lár bhí ‘ ham ’ galánta do dhinnéar na Nollag! Is fíor a rá go raibh bolg lán fán teach s ’ againne an Nollaig sin agus lúchair an tsaoil orainn leis na bronntanais ghalánta a fuair muid. Cearc rósta a bhíodh againn de ghnáth don dinnéar ar an lá mór seo. Cuimhne eile atá agam fá shéasúr na Nollag ná a bheith ag tabhairt bardál (drake) siar an cnoc chuig m ’ aintín Sarah a bhí ina cónaí ar An Ard Bhán. Bhí cúpla lachan aici ach bhí bardál de dhíth uirthi. Chuir muid an bardál isteach in sac agus d ’ imigh muid linn de shiúl na gcos go dtáinig muid fhad le Pat Dhonnchaidh Shearlaí, an gréasaí. Lá ’ le Stíofáin a bhí ann agus arsa Pat linn ‘ Tá sibh lá rómhall ag teacht leis an bhardál, dhéanfadh sé dinnéar breá domhsa dá mbeadh sé agam inné! Oíche na bliana úire bheadh muid ag déanamh céiliúradh ar theacht bhliain eile. Bheadh prátaí brúite againn don tsuipéar agus cibé soláistí eile a bhí le fáil. Déarfadh m ’ athair mór, Brianaí, ‘ Ar oíche an dotháin mhóir ith do sháith ’. Bhí sé de ghnás againn flea bheag a bheith againn ar an oíche seo. Sin agaibh anois na cuimhní atá agamsa ar An Nollaig i m ’ óige. Cha raibh Toy Show ar bith ná carnán bréagán ach an oiread. Bhí muid sásta leis an bheagán. Agus séasúr beannaithe na Nollag ag tarraingt orainn arís smaoinímís ar an tseanfhocal ‘ Go maire muid beo ar an am seo arís ’.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3