Guth Ghoill, Eagrán 65
Eagrán 65 Nollaig 2019 4 “ Ta a fhios ag mo mháthair cén cineál mic atá ionam, ” arsa Condaí, “ gasúr ionraic múinte. ” “ Huh! Arsa Nellie, “ cha bheadh gasúr ionraic múinte ag ithe mo chuid siúcra. ” “ Char ith mise siúcra ar bith, ” arsa Condaí. ” “ Nach raibh mé i mo sheasamh taobh amuigh den fhuinneog ag amharc ort? Arsa Nellie le fearg. Bhí a fhios ag Condaí go raibh a dhroim leis an fhuinneog nuair a d ’ ith sé an siúcra agus thug sin uchtach dó. “ Cad é a chonaic tú? ” a dúirt sé. “ Chonaic tú spúnóg i mo bhéal. Cad chuige nach mbeadh spúnóg i mo bhéal nach raibh mé i ndiaidh ubh a ithe? ” Sheas Nellie ansin mar bhalbhán ann mar bhí a fhios aici go maith gur ith Condaí an siúcra ach san am chéanna chan fhaca sí an spúnóg ag dul isteach sa chrocán. “ Bhí an crocán i do lámh agat, ” arsa Nellie. “ Bhí cinnte, ” arsa Condaí. “ Dúradh liom nach raibh cead agam an siúcra a ithe ach char dúirt duine ar bith liom ariamh nach raibh cead agam a bheith ag amharc ar an siúcra. ” Bhí a fhios ag Nellie go raibh sí buailte agus labhair sí go feargach leis. “ Amach go hifreann leat agus gabh i mbun do chuid oibre go gasta. ” Rinne Condaí sin agus é breá sásta leis fhéin. An chéad Satharn eile bhí sé sa chistin arís ag amharc anonn ar an chrocán siúcra agus bhí plean aige. D ’ íosfadh sé spúnóg siúcra chomh luath is a bhí Nóra amach as amharc. Bhí
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3