Guth Ghoill, Eagrán 65

Eagrán 65 Nollaig 2019 5 Nellie gnóthach sa tsiopa agus bheadh sé sábháilte go leor. Chuaigh sé anonn is bhain sé an clár den chrocán. Chomh luath is a bhí sin déanta aige d ’ eitil cuileog amach as an chrocán. Chuir sin iontas go bráth air is bhí se ina sheasamh ansin is an clár ina lámh nuair a tháinig Nora isteach. Chonaic sí cad é a bhí déanta ag Condaí. “ Ó, a Chondaí, ” a dúirt sí leis, “ rinne mé dearmad rabhadh a thabhairt duit. ” “ Cad é ’ n sórt rabhaidh? Arsa Condaí. Thóg Nora an clár óna lámh. “ Chuir Nellie cuileog sa chrocán sa dóigh is go mbeadh a fhios aici cé acu a bhí sé foscailte nó nach raibh. Tá an chuileog ar shiúl anois is beidh Nellie istigh gan mhoill. ” D ’ amharc sí amach an fhuinneog agus lig sí osna mór uaithi. “ Ó, a Dhia ár sábháil seo í ag teacht, a Chondaí. ” Le sin chonaic Condaí nead damháin alla os cionn an drisiúir. Rinne sé é a smeachadh lena mhéar agus tháinig an damhán alla amach. Fuair Condaí greim air agus chuir sé é sa chrocán agus theann se an clár arís. Shuigh sé ag an tábla ansin is thosaigh sé ag slogadh siar a bhricfeasta. D ’ imigh Nóra amach le rása sula dtáinig Nellie isteach. Chuaigh Nellie díreach chuig an chrocán agus thóg sí é. Chonaic sí an damhán alla ach cha raibh cuileog ar bith le feiceáil. D ’ amharc sí ar Chondaí. Ar fhoscail tusa an clár seo? a dúirt sí. “ An ag magadh atá tú, a Nellie? ” arsa Condaí. “ Cha rachainnse a chóir an chrocán sin a choíche. ” Shlog sé siar an bolgam deireanach den tae is shiúil sé amach an doras. Nellie bhocht, char thuig sí ariamh cad é ’ n dóigh a fuair an damhán alla isteach sa chrocán ach cha dtiocfadh léi a dhath a rá. Cha raibh se furasta ceann a chur trasna ar Chondaí Ó Domhnall. Creid é nó nach creid ach sin an scéal.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3