Guth Ghoill, Eagrán 65

Eagrán 65 Nollaig 2019 6 Chaith Den John Eoin, Den Ó Luodhóg, as Gorta Móra a shaol ag ceannacht agus ag díol iasc, ó bhí sé ina leathstócach go raibh sé isteach go maith sna ceithre fichid bliain. Chuir sé aithne mhaith le linn a chuid oibre ar phobal na Contae, pobail na mbailte chomh maith leis na pobail a bhí scaipthe thart faoin tuath agus is cinnte go bhfaca sé athruithe móra ón am a thosaigh sé go dtí gur ghlac sé scíste-- na pobail ag dul ó shaol na bochtaineachta go saol an rathúnais. D’oibrigh sé go dícheallach le linn an ama seo le forbairt mhór a dhéanamh ar a ghnó -- ó bheith amuigh le hasal ag caitséireacht go dtí gur bhunaigh sé a mhonarchan éisc. Cha dearn sé seo ina shuí ar a thóin, dár ndóigh, mar go mbíodh sé ar shiúl ag obair roimh theacht an lae agus, go minic, chan fheiceadh sé an baile arís go mbíodh an oíche domhain ann. Nuair a bhí Den ag inseacht domh fána shaol agus é anois ós cionn na deich mbliana agus ceithre scór bhí sé, mar a thuigfeadh duine ar bith a bhfuil aithne acu ar Den, lán de dháiríreacht agus fosta lán den ghreann. Ach is cinnte go raibh sé breá bródúil as an méid a bhí bainte amach aige ina shaol agus an ceart sin aige. A Bhunadh. Deirtear gur as an Chloigeann, baile fearainn atá ar an bhealach ‘na Chraoslaigh, a tháinig clann Uí Luodhóg i dtús báire agus go raibh siad muinteartha don Chairdinéal Ó Luodhóg. Cé go ndeireann muid Den John Eoin nuair a bhíonn muid ag caint faoi Den, is Den James John Eoin an leagan ceart dá ainm mar gur James a bhí ar a athair. Ach ‘sé an rud a tharla bunús an ama le teaghlaigh ghaeltachta san am atá caite, ná gur fágadh amuigh glún as an ainm dúchasach nuair a bhí ceithre ghlún san áireamh. Luaigh mé sin roimhe seo fá leithéidí Phroinsí Dhonchaidh Mhícheáil, fágadh ainm a athar amuigh as an leagan dúchasach mar gur Proinsí John Dhonchaidh Mhícheáil ba chóir a bheith ann. Bhí cónaí ar mhuintir John Eoin i nGorta Móra. Chan bailte fearainn iontu fhéin a bhí i nGorta Móra ná sa Bhaile Úr, bhí na háiteacha seo mar chuid de bhaile fearainn Dhoire a’ Chasáin. Bhí John Eoin (1841), athair mór Den pósta i nGorta Móra ar Ghracie Ní Ghallchóir ón bhaile fearainn céanna, iníon le Brianaí Ó Gallchóir. Bhí deirfiúr amháin ag John Eoin, bean a raibh Maggie uirthi agus bhí sise pósta ar John Mc Elhinney as Doire A’ Chasáin Beag. Den & a bhean chéile Cáit

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3