Guth Ghoill, Eagrán 65

Eagrán 65 Nollaig 2019 7 John Eoin agus Gracie. Bhí seachtar clainne ag John Eoin agus a bhean Gracie, cúigear mac -- Paidí (1863 — 1939) a bhí pósta ar Bhríd (Biddy) ‘Ac Laifeartaigh (1872—1942) as Doire A’ Chasáin Mór, Bernard (1864), Mícheál (1871), James (1879) agus Eoin; bhí beirt iníonach, Sarah (1867) a bhí pósta ar Phaidí Friel as an Mhuirleog agus Máire a rugadh 1873. James John Eoin. Ba seo athair Den agus bhí sé pósta ar Ghráinne A’ Canainn as an Ard Bhán. John a bhí ar a hathair agus bhí sé pósta ar Mháire A’ Laifeartaigh as Baile ‘n tSléibhe. Bhí seachtar clainne ag James agus Gráinne, ceathrar mac agus triúr iníonach. James: Fuair James bás óg. John : Thiomáin John do na Mc Bride’s as Creamhghort agus bhí sé pósta ar Bhríd Ní Shiadhail (Bridget Shiels) as Ceathrú na Sal (Carrownasaul) atá in aice leis an Ghabhlán (Golan). Ceathrar clainne a bhí ag John agus Bridget, triúr mac, Hughie, Micheál agus James agus iníon amháin Caitlín. Tá James ar shlí na fírinne agus tá an triúr eile pósta go háitúil. Tá Micheál fostaithe ag an Mart i mBaile na nGallóglach. Paidí: Bhí Paidí pósta ar Theresa A’ Fhionnlaoich agus tá an bheirt acu ar shlí na fírinne anois. Fuair Paidí bás ina fhear óg sa bhliain 1973 agus Theresa sa bhliain 2007. Bhí beirt mhac acu, Gerard agus Paidí. Tá cónaí ar Gerard sa bhaile agus tá Paidí ag reáchtáil an Sheephaven Bar i Londain. Chaith sé blianta ag imirt mar chúlbáire ag foireann peile na nDúnaibh. Den: Pósadh Den ar Cháit a’ Aodha sa bhliain 1958. Bhí beirt chlainne acu Bríd agus Jimmy. Tá Jimmy ‘na chónaí sa bhaile agus teach aige in aice lena athair. Ceathrar clainne atá ag Bríd agus a fear céile John Byrne -- John, Kitty, Sarah agus Anna. Bhí Bríd ina príomhoide ar Scoil Naomh Bríd, na Dúnaibh ar feadh blianta fada. Grace: Bhí Grace pósta ar Bhrianaí A’ Laifeartaigh ( Brianaí Den as Dumhaigh) agus chaith siad a saol in Albain. Sadie (Sarah): Bhí Sadie pósta ar Mharc Ó Gallchóir (Mark Nóra Bhoy) ach ar an drochuair fuair sé bás an-óg sa bhlian 1948 Beirt chlainne a bhí acu, Nóirín agus Séamus. Fuair Séamus bás ina fhear óg fosta sa bhliain 2001 ach tá Nóirín breá gníomhach sa phobal agus cónaí uirthi i Radharc na Mara. Fuair John & a bhean chéile Bhríd Paidí & a bhean chéile Theresa Den & a bhean chéile Cáit

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3