Guth Ghoill, Eagrán 65
Eagrán 65 Nollaig 2019 8 Sadie bás i 1996. Máire: Bhí Máire pósta ar Chéarlaí John Nochaí (Mac Giolla Chearra) fear a raibh aithne leitheadach air mar iascaire. Bhí beirt mhac acu, John agus James. Tá cónaí ar John i mBaile Átha Cliath ach tá tithe ag an bheirt acu i nGorta Móra, áit a gcaitheann Jimmy agus a bhean Sandra an chuid is mó den bhliain anois. Tá beirt mhac acu, Ciarán agus Daire. Tá aithne leitheadach ar John mar gur chaith sé blianta mar Rúnaí Ginearálta ar Chumann Múinteoirí Éireann. Tá ceathrar clainne ag John agus a bhean Joan, triúr iníonach – Muirann, Eibhlín agus Siobhán agus mac amháin Cathal. Fuair Charlie John Nochaí bás i 1977 agus a bhean Máire 1986. Den ag teacht ‘un aois. Chuaigh Den ‘na scoile go Doire a’ Chasáin, áit a raibh Miss Mc Gill agus Tom Mac Fhionlaoich ag teagasc le linn a chuid ama an- sin. Bean mhór láidir théagartha as Ard a’ Ratha ab ea Miss Mc Gill agus b’é an chuimhne a bhí ag Den uirthi ná, nach raibh sí róghéar agus gur mhúinteoir maith a bhí inti. Bhí sí de shíor ag ithe agus ag cognadh lóisingéirí. Muna raibh Miss Mc Gill róghéar mheas sé nach dtiocfaí an rud céanna a rá faoin phríomh-oide, Tom Mac Fhionnlaoich mar gur bhain sé úsáid mhór as na slatacha saileoige a bhí fairsing go leor fán áit agus char spáráil sé duine ar bith. Ba ghnách le Tom a theacht ‘na scoile, óna áit chónaí i gCarraig Airt, ar rothar agus ba mhinic a chur sé Den go Carraig Airt chuig an bhanc ar an rothar seo. Cha raibh Den rómhór agus ba chuimhin leis lá amháin go raibh sé ag báistí go trom agus bhí air a dhul chuig an bhanc i gCarraig Airt. Thug Tom cóta dó a bhí i bhfad rófhada aige agus nuair a bhí sé ag dul thart le coirnéal theach Joe Fhearghail chuaigh ruball an chóta i bhfostú sna spócaí, ansin d’imigh ruball eile den chóta isteach i spócaí an rotha eile. Cha raibh sé ábalta a dhul ‘un tosaigh ná a dhul ‘un deiridh, ná a theacht den rothar ach oiread agus lena chois sin bhí sé ag stealladh báistí anuas sa mhullach air. Tugadh tarrtháil air sa deireadh thiar thall. Bhí baicle bhreá as an cheantar ag dul na scoile ina chuideachta -- Tony, Jimmy, John ,Cití agus Máire Den Antoin (Ó Gallchóir),Eddie Den Dhonaí (Ó Gallchóir), Corny Mhuiris Mac Giolla Bhríde, Muintir Frank Bhoy,(Mac Laifeartaigh), bhí girseach fosta a raibh Sadie Kelly uirthi a tógadh tigh John Neidí. Ba chuimhin leis go raibh Jim Watters, an ceantalaí (auctioneer) ar an bhaile lá amháin agus é ag díol tí agus talaimh de chuid Aindí Dhónail ar ceant (auction). Ceant poiblí (Public Auction) a bhí ann agus is cosúil go raibh na boic óga uilig ina seasamh thart ag tabhairt cluais, mar a bhíonn, d’achan rud a chuaigh ar aghaidh. Is léir gur phioc John Den Antoin suas teanga an cheantálaí mar go raibh sé uilig ar bharr a theanga aige lá arna mhárach. Ar a mbealach ‘na bhaile ón scoil bhí John ag díol leis – ‘What am I bid’ agus ‘any advance’ agus mar sin de. Tháinig an bodach amach agus iad ag siúl thart lena dhoras. Thosaigh John ag Sadie & a fear céile Marc Máire & fear céile Chéarlaí
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3