Guth Ghoill, Eagrán 65

Eagrán 65 Nollaig 2019 9 díol agus de réir cosúlachta bhí se de nós ag an bhodach a bheith ag croitheadh (nodding) a cheann go minic. Nuair a bhí seo déanta aige cúpla uair, arsa John leis – ‘ Is that a bid Bud’? Ar shiúl leo ‘na rithe agus an bodach sa tóir orthu. Lean sé iad go teach Den Antoin. Bhí cuibhreann ag Padaí Éamoinn i ndeas den scoil agus tornapaí curtha aige sa chuibreann. Ba ghnách leis na gasúraí a bheith isteach is amach ‘na chuibhrinn achan lá ag tarraingt na dturnapaí, a mbriseadh agus a n-ithe. Chruthaigh seo deacrachtaí móra don mháistír agus bhíodh achrann go minic nuair a thiocfadh Paidí isteach lena ghearán a dhéanamh leis an mháistír. Saol Anásta. Bhí saol anásta ag daoine san am sin, ba seo le linn an chogaidh, go háirithe má bhí siad ag tógáil clainne. Cha raibh pingin rua fá na tithe. Gabhair a bhí fán chuid is mó de na tithe le bainne a thabhairt, tógadh lear páistí ar bhainne gabhair mar nach raibh luach bó fá na tithe. Ba ghnách leo na gabhair a ligint ar shiúl ansin san oíche agus ar maidin nuair a bhíodh siad a dhíth arís le blí cha dtiocfaí iad a fháil áit ar bith mar go raibh sé de nós acu imeacht leo fríd na cnoic agus bhíodh brú mór ar dhaoine greim a fháil orthu. Bhíodh an obair a rinne sé i ndiaidh dó a theacht ‘na bhaile ón scoil ag brath ar an séasúr – ag cur bairr san Earrach, ag sábháil an bhairr san Fhómhar agus a mhacasamhail a dhé- anamh do na comharsana. Scoil Dhoire a ’ Chasáin 1941. Ar Cúl: Tom Mac Fhionnlaoich ar thaobh na láimhe clé agus Miss McGill ar thaobh na laimhe deise. Den an tríú duine ar chlé ó Miss Mc Gill. Den (‘ un tosaigh) agus a chara Berni Frank Bhoy (Mac Laifeartaigh ) ar an asal

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3