Guth Ghoill, Eagrán 66

Eagrán 66 Iúil 2020 10 d ’ fhulaing an tír agus bhí spiorad láidir i ndaoine óga faoi sheirbhís phoiblí. Bhí suim acu an tír a láidriú. San am sin, ins na hOllscoileanna agus i gColáiste Phádraig, bhí Roinn d ’ Arm an tSaorstáit curtha ar bun le hábhar oifigigh airm a lorg agus a chothú. Reisimint an Phiarsaigh an tainm a bhí ar an chomplacht a bhí i gColáiste Phádraig agus bhí Jack agus a chara Aindí Mhicí Ginn lán - pháirteach ann. Fuair siad dian - thraenáil le linn a gcuid laethanta saoire ar gach ní a bhain le cúrsaí airm i gCampa Fhionnúir agus in áiteacha eile fosta. Dúírt Jack i gcónaí dá mbeadh a thoil aige, gur i dtreo an Airm a rachadh sé. Ach, bhí a mhalairt intinne ag a mháthair Sile, (bean cheanndána agus b'fhéidir críonna fosta) agus ní bheadh ann ach an mhúinteoireacht do Jack. Ghoill sé ar Jack ar dtús go raibh cead - a - chinn ag Aindí imeacht go dtí ‘ n Arm ach shocraigh sé ansin a ghualainn a chur go hiom- lán leis an mhúinteoireacht. Chríochnaigh Jack i gColáiste Phádraig i 1938, agus thosaigh sé ar a thréimhse phromhaidh (probation period) sular bronnadh a Diplóma air go hoifigiúil i 1942. Oide Scoile . Thosaigh Jack ag teagasc ar dtús i Scoil Náisiúnta na Coilleadh Críne, (Killycreen) in aice Ráth Mealtain i 1938. (feach Pic 7) Ba scoil úr a bhí inti a fosclaíodh i 1936. Fhad is a bhí Jack ag teagasc ansin d ’ fhanfadh sé i rith na seachtaine i dteach aíochta Guy i Sráid an Chaisleáin , i Ráth Mealtain. Achan Aoine, théadh sé ar a rothair go Doire a ’ Chasáin agus arais ansin tráthnóna Dé Domhnaigh. Dúirt Jack gur chas sé, ar cheann de na turais seo, ar cheann de na chéad tórraimheacha a chuaigh go dtí ’ n reilig úr in Iomlach i 1939. Bhí sé den bharúil nach raibh ach beirt eile curtha sa reilig roimhe sin. I gCampa Fhionnúir 1938. Jack ar chúl, 4ú on chlé. Scoil na Coilleadh Críne, Ráth Mealtain.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3