Guth Ghoill, Eagrán 66

Eagrán 66 Iúil 2020 11 Scoil Mhíobhaigh. Ar ball, fuair Jack post i Scoil Mhíobhaigh. Chean- naigh sé gluaisrothar agus théadh sé óna theach i nDoire a ’ Chasáin thart a ’ ‘ Drive ’, bealach mór nach raibh dromchla ró - mhaith air na blianta sin, i rith an Dara Cogaidh. Labhair sé go minic fán éadáil a níodh isteach ar na cladaí thart orainn, seo i ndiaidh soithí ó na conbhuanna a bheith curtha go tóin poill ag na fomhuireáin Ghearmánacha. Ag breacadh an lae, bheadh daoine thíos ar na cladaí ag déanamh éilimh ar adhmad, ar bhairillí tuirpintín, ar bhurlaí rubáir agus am amháin, ar chearca! Bhí cearca ar bord soithigh Lochlannaigh a tháinig isteach ar na carraigeacha in aice leis an Chorrach agus tugadh mála acu suas go dtí ’ n Bhaile Láir, áit ar mhair siad ar feadh tamaill. Minic go leor, bhí cathú ar fhéin a dhul síos ach bhí an scoil le foscailt agus bhíodh páistí ag fanacht. Le linn dó a bheith ag teagasc i Scoil Mhíobhaigh, tháinig gasúr óg ó Chontae Liatroma a raibh Pól Ó Dubhshláine air, le freastal ar Scoil Mhíobhaigh. Bhí lóistín aige le Síle, máthair Jack, i nDoire a ’ Chasáin agus bheireadh Jack síob do achan mhaidín ar chúl an ghluaisrothair. Ba lúthchleasaí an - mhaith a bhí i Pól agus rith sé san 100m ag na Cluichí Oilimpeacha in Helsin- ki i 1952. Tá deirfiúr le Pól pósta ar an iar - pheileadóir, Johnny Giles. Níl dabht ach ná go raibh daoine ar scoil le Pól a mhaígh go bhfuair siad an lámh in uachtar ar Phól i rásaí ar chúl Scoil Mhíobaigh blianta roimhe sin! Scoil Dhoire a ’ Chasáin. Ceapadh Jack mar Phríomhoide ar Scoil Dhoire a ’ Chasáin ar an chéad lá de Mhí Lúnasa,1941 agus ba anseo a chaith sé an chuid is mo dá shaol ag obair, sin go dtí gur athraigh an scoil go dtí na Dúnaibh sa bhliain 1969. Bhí sé arais anois sa cheantar inár tógadh é agus mar aidhm aige a dhícheall a dhéanamh d ’ aos óg na háite fríd an chóras oideachais mar a d ’ éirigh leis fhéin. Cosúil le cuid mhór múinteoirí ag an am agus brú damanta a chur orthu ó chigirí na Roinne, sa treo seo, bhí Jack dian leis an tslat agus níor spáráil sé í. Fuair mé cuid mhaith den tslat uaidh mé fhéin agus ina dhiaidh sin sa mheánscoil i Leitir Ceanainn agus tuigim go hiomlán comh cruaidh agus a ghoilleann seo ar dhuine óg. Teach aíochta Guy, Ráth Mealtain

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3