Guth Ghoill, Eagrán 66

Eagrán 66 Iúil 2020 12 Thuigfeadh daoine óga ar dhóigh, sna blianta sin, dá bhfaigheadh siad sceilp de thairbhe a bheith mí - bhéasach, ach ní thuigfeadh siad a bheith ag fáil sceilp dá mbeadh deacracht acu rud a fhoghlaim nó dá ndéanfadh siad botún. Is fuath liom an córas a bhí ann an t - am úd agus ní raibh sé ceart ná cóir. Go minic, ag machnamh ar an am sin, smaointím ar ais ar ré a bhí garbh go leor ar mhórán dóigheanna i gcomparáid leis an lá inniu ach gur glacadh leis ag an am. Tá cuimhne agam, gan mé ach b'fhéidir sé bliana d ’ aois, a bheith ag imirt le gasúr sa cheantar agus scairt a athair orainn le lámh chuidithe a thabhairt do leath dhosaen puisíní a bhí istigh i sac a bháthadh i mbairille ar chúl an bhóithigh. Níor shíl an t - athair a dhath de a bheith ag déanamh seo os comhair páistí óga. Mar an gcéanna, nuair a crochadh Mícheál Ó Mainnín as Luimneach sa tír seo i 1954, ba é an fear deireanach a crochadh in Éirinn, agus is cuimhin liom, an lá ina dhiaidh sin, na gasúraí móra ag caint fan chrochadh amuigh i gclós na scoile, an dóigh chéanna a mbeadh siad ag caint fá Man. Utd. anois. Jack mar mhúinteoir. Bhí an - bhéim ar na trí Rs san am sin agus fosta, béim iontach mór ar scrúduithe na Gaeltachta ag an deireadh. Caithfidh muid cuimhneamh nach raibh saor - oideachas ar fáil le linn formhór na mblianta sin a raibh sé ag teagasc agus ba bheag seans a bheadh ag páistí as Ros Goill a dhul go dtí an mheánscoil I ndiaidh dóbhtha Scoil Dhoire a ’ Chasáin a fhágáil. Mar sin, bhí achan rud dírithe ar ardchaighdeán foghlamtha sa scoil agus sa bhaile, sa dóigh go bhfaigheadh an méid is mó de dhaltaí Scoláireacht Ghaeltachta agus iad siúd nach dtéadh an bealach sin, go mbeadh an seans is fearr acu amuigh sa tsaol. Gan dabht, déirigh leis an chóras teagaisc i Scoil Dhoire a ’ Chasáin torthaí maithe a fháil do chuid mhór daltaí sna scrúduithe scoláireachta thar na blianta. Bhí cúl taca an - tábhachtach aige san aidhm seo; ‘ sé sin na múinteoirí a bhí leis ar an fhoireann agus na tuismitheoirí sa cheantar a thuig tábhacht an oideachais dá gclann. Dearcadh na gCigírí ar obair Jack. Thug mé cuairt ar an Chartlann Náisiúnta go bhfeicfinn an raibh fianaise ann a léireodh an dearcadh a bhí ag na Cigirí ar an chóras oideachais i Scoil Dhoire Chasáin in aimsir Jack. Fuair mé tagairtí do Jack ins an ‘ Inspectors Observation Book ’ do Scoil Dhoire a ’ Chasáin agus seo cúpla sampla thar na blianta. 17/10/1941 Ó Leabhair na gCigirí 1953

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3