Guth Ghoill, Eagrán 66
Eagrán 66 Iúil 2020 13 “ Níl an Príomh - Oide ach seal goirid anseo. Tá gach comhartha ann go ndéanfaidh sé dea - obair anseo mar bhí sé a dhéanamh roimh ré i Míobhuidhe. ” Pádraig Mac Seáin 8/3/1946 “ Oibridhe fíor - dhúthrachtach é seo a chuireas smacht oiriúnach i bhfeidhm. Tá an scoil go h - an ghlan. Is léir go gcothuíter sprid maith oibre ins na daltaibh anseo ” T.F.Mac Anna. 20/10/1948 “ D ’ éirigh le triúr scoláiri as an scoil scoláireachtaí a fháil ins na Coláistí Ullmhucháin i mbli- ana. Tá creidiúint an - mhór ag dul do phríomh oide na Scoile ” 9/2/1951 “ Ta Buíon Ceoil curtha ar bun ag an Phríomh - Oide. D ’ eist mé leis na Ceoltóirí óga inniú agus, gan aon aimhreas, táan - chreidiúnt ag dul dóbtha féin os dá múinteoir, Molaim go mór iad ” O ’ Heidhin. 6/8/1953 “ Cuireann an Príomh - Oide oiliúint an - mhaith ar fad ar a chuid daltaí – daoine dea - bhéasach dei - seard ?iad. Ta fonn chun foghlume agus chun cainnte orthu. Tá gach aon chomhartha ann go gcaitheann an Príomh - Oide a dhícheall croí lena dtabhairt ar aghaidh ar bhóthar a leasa ” O ’ Cinneide . 25/7/1954 “ Traoslaím leis an Phriomhoide de thairbhe gur bronnadh duais Carlisle &Blake air. Leanann sé den ard - chaighdeán múinteoireachta a dual do. Tá fonn foghluma thar an cotiuinn ag daltaí na h - ard Roinne ” C.O. Cinneide. Cúrsai taobh amuigh den churaclam. Is léir gur aithin lucht stiúrtha an oideachais go raibh dul chun cinn an - mhaith a dhéanamh ag Jack i Scoil Dhoire a ’ Chasáin agus de bharr sin, bronnadh an duais , Carlisle &Blake air i 1953. Ba seo ard mholadh ar fad mar níor bronnadh ach sé dhuais déag sa tír uilig an bhliain sin amach as 4880 bun- scoil agus 13,000 múinteoir bunscoile. Sílim gur aithin siad nach amháin go raibh a mheoin dírithe ar chúrsaí Foscailt Choláiste Rosguill 1952
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3