Guth Ghoill, Eagrán 66
Eagrán 66 Iúil 2020 14 taobh istigh den rang ach fosta, taobh amuigh. Bhunaigh sé Buíon Cheoil Ros Goill sa scoil i 1950 agus bheadh cuimhne go fóill ag daoine a ghlac pairt ann. Ócáidí mar Lá Fhéil ’ Pádraig nó nuair a thiocfadh sagart óg ón Pharóiste arais ‘ na bhaile i ndiaidh a oirnithe, bheadh siad ag feitheamh air. Fear a thug cuidiú mór do ná Séamus MacRuairí, (Jimmy Rogers) as na Ros- sa ó dhúchas, a raibh neart cleach- taidh aige i gcúrsaí buíonta ceoil. Fosta, chuir sé drámaí ar siúil agus tá cuimhne agam féin a bheith ag ceann acu i gColáiste Ros Goill. Jack agus an Beanstock a bhí ann agus tá cuimhne agam gur Charlie Mór Laighneach (California) a bhí ina fhathach thuas ar bharr an chrainn agus fosta, bhí Seosamh O ’ Buaidhe (nach maireann) ann. I bfhad ó shin! Cúrsaí Cogaidh agus an L.D.F. I rith an dara Cogaidh , (1939 – 1945) cuireadh grúpa ar bun le cúl taca a tha- bhairt don Arm agus an t - ainm a bhí ar an ghrúpa seo ná an F.C.A ( Fórsa Co- santa Áitiúil) nó an L.D.F. (Local Defence Force). Siocair go raibh cúlra ag Jack i Reisimint an Phiarsaigh nuair a bhí sé i gColáiste Phádraig i mBaile Cliath, bhí sé i gceannas ar thraenáil na bfhear san FCA i Ros Goill. Ba ghnáth leofa máirseáil a chleachtadh i Halla na Paróiste agus a dhul go Cnoc an Mharmair agus Tráigh a Locha fá choinne cleachtadh leis na raidhfil. Nuair a bhí tú ina bhall den F.C.A. fuair tú raidhfil .303 agus caoga piléar. Bhí cead ag Jack piostal a bheith leis fos- ta. Cuid den chéad obair a bhí le déanamh ná díogacha doimhne a dhéanamh ar thaobh an bhealaigh mhóir idir teach Bhill Mhic Pháidín i mBaile Uí Eochagáin agus an Croisbhealach, fosta ag Tráigh na Rosann , ar an Rannach in aice Oileán a ’ Bhráighe agus i nGleann Rí. Ghlac said páirt fosta ag déanamh faire ón L.O.P. (Look Out Post) a bhí suite ar Chnoc Ghort na Luchóg agus b ’ éigean dóibh logleabhar a choinneáil fá rud ar Jack &an Buíon Cheoil i gCarraig Airt. An L.O.P. ar Chnoc na Slighe.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3