Guth Ghoill, Eagrán 66

Eagrán 66 Iúil 2020 15 bith as an choiteann a thabharfadh siad fá deara amuigh ar an fharraige nó in aice an chósta. Bhí guthán acu thuas ar bharr an chnoic le scéala a chur chuig an Arm i mBeairic Chnoc na Carraige, i Leitir Ceanainn. Cuid de na fir as Ros Goill a chaith am thuas ansin ná: Micí Ned Ruaidhrí ( Ó Gallchóir), Manus Eoin (Mac Giolla Chearra), Anton Duffy agus Den Mac Laifreartaigh. Le linn an ama seo, bhí Jack ‘ ag dul ’ le bean as Carraig Airt, Eibhlín Ní Ghallachóir, iníon J.D. O ’ Gallachóir a bhí ina mhúinteoir scoile agus siopa aige fosta in aice le Óstán Walshe. Oíche amháin, bhí Jack ag pilleadh ar a rothair go dtína theach cónaithe i nDoire Chasáin agus mhothaigh sé beirt ag teacht ina threo sa dorchadas ar rothair. Bhí a fhios aige go maith gur seo athair Eibhlín, J.D. agus a chara, Seán McCraith, ag pilleadh i ndiaidh cúpla deoch sa Road House, (áit a bhfuil an Rosapenna anois). Léim sé dá rothar agus luigh sé i gceann de na buncair a bhain le cúrsa gailf Charraig Airt a bhí in aice an bheal- aigh mhóir an t - am sin. Díreach agus iad ag rothaíocht thairis, scaoil sé ur- char .45 óna phiostal tharstu agus char bhog Peloton rothaí ar bith comh tapaidh ariamh agus a bhog an bheirt údaí. Nuair a ‘ landáil ’ siad i gCarraig Airt, d ’ inis siad d ’ achan duine a chonaic siad go raibh na Gearmánaigh ar an trágh fa- oi Charraig Airt. Bunadh Fó–Chumann Péile na nDúíne, 1938. Nuair a phill Jack c1938 go dtí Ros Goill i ndiaidh tuairim ‘ s seacht mbliana a chaitheamh i mBaile Cliath, idir meánscoil agus Coláiste Phádraig áit ar hoileadh é mar mhúinteoir agus áit ar thraenáil sé le Reisimint an Phiarsaigh, bhí sé lán fuinnimh agus suim aige a ghualainn a chur le forbairt Ros Goill. Cé nar imir sé peil ghaelach d ’ ard chaighdeán é fhéin, d ’ aithin sé tábhacht an spóirt do spiorad na háite. Go dtí an t - am sin, bheadh, go bliantúil, Cleasa Lúth ar siúil sna Dúnaibh ar a dtugtaí ‘ Downings Sports and Regatta ’, agus mar chuid de na himeachtaí sin, bhíodh Comórtas Peil Ghaelach, seachtar a taobh, ach taobh amuigh de sin, cha raibh aon iarracht eagraithe. Ceart go leor, bhí macasamhail Mhuiris Bhidí (Mac Giolla Chearra), a chruin- nigh scaifte d ’ fhir mhóra thacúla le cluiche a imirt in éadan foirne as Baile na nGallóglach, foireann a raibh cuid mhór Gardaí agus a leithéidí as réigiúin eile den tír ina measc. An scaifte seo a chruinnigh Muiris le chéile, ní raibh de thuigbheáil acu ar pheil ghaelach ach go dtiocfadh leo greim a fháil ar an liathróid, nó dorn a bhualadh uirthi nuair bheadh seans acu. Ní raibh an cluiche i bhfad i gcionn oibre go raibh an súiche sa phota agus achan chosúlacht go raibh gríosach a tharraingt níos deireannaí. Bhí fear de bhunadh ‘ Ac Laifeartaí as Doire a ’ Chasáin agus shín sé suas a dhorn le buille a bhualadh ar an liathróid ach, in áit teagmháil leis an liathróid, ‘ sé an

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3