Guth Ghoill, Eagrán 66

Eagrán 66 Iúil 2020 16 rud a rinne sé ná teanghmáil a dhéanamh le smigead dhuine de na Gardaí gur fhág sé é sioc- tha ar shlat a dhroma. Thosaigh an tsúisteáil agus an smúchtáil agus in aithghiorracht, b ’ éigean deireadh a chur leis an chluiche. Níor cluineadh iomrá ar pheil ghaelach go cionn fada go leor ina dhiaidh sin! I bFhómhar na bliana 1938, chinn Jack, agus cúpla fear eile de bhunadh na háite, Peil Ghaelach a eagrú go hoifigiúil sna Dúnaibh. Os cionn na háite a raibh an siopa búistéara ag Mánus Mhícheáil ag an Harbour Bar a tháinig siad le chéile agus chuir siad ar bun agus chláraigh siad don chéad uair, Fó - Chumann Peile na nDúnaibh. Na daoine a bhí ar an chéad choiste ná: Mánus Mór Ó ’ hOireachtaigh mar Chathaoirleach, Seán Ó ’ Dochartaigh mar Chisteoir agus Jack Mac Pháidín mar Rúnaí. Seo scéal fá Jack agus Mhánus Mór. Chuaigh siad beirt ar an ghearrán iarainn amháin chuig cluiche i gCloich Cheann Fhaola. Achan chúpla mile, d ’ áthródh siad áit agus théadh duine amháin ar an bharra agus an duine eile ar an diolait agus é ar na troitheáin. Nuair a bhí an cluiche thart agus iad ar a mbealach ‘ na bhaile, bhí siad ag feitheamh go bhfaigheadh Mánus síob ó Chéidh Phort na Bláiche ar bhád Shéarlaí John Nochaí a bhí le pilleadh ‘ na nDúnáibh thart fán am sin. Ach faraor, agus iad ag tarraingt ar Phort na Bláiche, chonaic said bád Shéarlaí ag dul thart le Ceann Bhréachmhaigh. Dá m ’ bfhéidir le mallachtaí bád a thiontú thart, bheadh siad ceart go leor ach ní raibh a dhath fána choinne ach leanstan leo mar a bhí ó thús. Chan ‘ featherweights ’ a bhí i gceachtar acu agus bhí lorg an bharra ar a dtóin go ceann coicíse ina dhiaidh sin. Ba sin na daoine a bhí freagrach as Peil Ghaelach a bhunú go hoifigiúil sna Dúnaibh, corradh agus ceithre fichid bliain ó shin. Coláiste Ros Goill. ‘ Sna daicheadaí, shochraigh Comhaltas Uladh Coláiste Samhraidh a bhunú i Ros Goill. Chuir an Comhaltas, fear óg as Béal Feirste, Séamas Ó Raghallaigh go Ros Goill leis an phlean seo a chur i gcrích agus duine de na chéad daoine a chuaigh sé a chuartú ná Jack Mac Pháidín. Thug sé cuairt ar theach Jack i nDoire a ’ Chasáin ach bhí seisean thuas i gCarraig Airt. Thug Síle, máthair Jack, cuntas do Shéamus faoin chineál diúlaigh a bhí i Jack agus ar shiúíl leis ar ais i dtreo Mánus Mór Ó hOireachtaigh, ar cúl, deas.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3