Guth Ghoill, Eagrán 66

Eagrán 66 Iúil 2020 17 Charraig Airt agus dheamhan i bhfad go bhfaca sé fear den chineál sin ag tarraingt chuige ar rothar. D ’ inis Jack domh go raibh sé ag teacht ar ais ó Charraig Airt ar a rothar agus cóngarach don Rosapenna, go bhfaca sé an boc seo ag tarraingt air- sean, am éigin i 1944 agus sciorta filltigh agus froc air cosúil le bunadh na hAlban agus gur chur an fear seo é féin in aithne do. Bá seo an chéad uair a chas Jack agus Séamas Ó Raghallaigh ar a chéile agus chaith Séamas tamall ag míniú do Jack an plean le Coláiste Samhraidh a bhunadh i Ros Goill. Bhí suim ag Jack sa phlean seo láithreach agus thar chúpla lá, thug siad cuairt ar thithe ó Chnoc na Muirleoige go Dumhaigh le bunadh na háite a mhealladh le lóistín a chur ar fáil do na mic léinn as Tuaisceart na hÉireann. D ’ éirigh go maith leofa agus bhí bunadh na dtithe sásta lóistín a thairiscint do bheirt, triúr nó ceathrar de na mic léinn. Thosaigh an Choláiste Samhraidh i 1944 agus bhí Jack mar bhall den fhoireann teagaisc ansin ar feadh cuid mhaith blianta. Ba Scoil Náisiúnta Dhoire a ’ Chasáin a bhí a úsáid an chuid is mó den am suas go dtí ’ n bhliain 1952 nuair a fosclaíodh an Choláiste úr, Coláiste Oilbhéir Pluincéid Beannaithe, ach bhí sé suite san Duthie Hall samhradh amháin. Ar an ócáid a fosclaíodh an Choláiste úr, rinne Jack agus Buíon Cheoil Ros Goill an Taoiseach Éamon de Valera agus slua den Arm a thionlacan ó Shiopa John Buchan ‘ sna Dúnaibh go dtí ’ n Choláiste. An bheirt a bhuail le chéile ar an bhealach mhór in aice an Rosapenna i 1944, Jack Mac Pháidín agus Séamas Ó Raghallaigh, d ’ fhan siad agus a mná chéile ina ndlúthchairde go deireadh a saoil. Pósadh. Mar a scríobhadh níos luaithe, ba as an Fhál Charrach athair Jack agus i rith a laethanta saoire, chaithfeadh Jack agas a dheartháir Hugo, cuid mhaith ama thall ansin. Bhí deirfiúr athair Jack pósta ar úinéir Theach Ósta an Earagail ar an An t - ailtire, Seán Ó Dochartaigh ag bronnadh eochar an Choláiste ar An Taoiseach, Éamonn de Valera. Ón leabhar cláraithe, Teach Ósta Hunters, 1945.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3