Guth Ghoill, Eagrán 66

Eagrán 66 Iúil 2020 18 phríomhshráid agus chaith- feadh Jack am ansin. Trasna an bhealaigh ón Teach Ósta, bhí bean óg a bhí ag traenáil mar bhanaltra i mBaile Átha Cliath agus nuair a bheadh sise sa bhaile ar laethanta saoire, bá mhinic a bhuail Jack agus í le chéile ar an tsráid. Bá seo, Caitlín Ní Dhochartaigh, iníon An- taine Ó Dochartaigh as Oileán na Cruite a bhí ina mhúinteoir scoile ar an Fhál Charrach ag an am sin. Bhí clú ar Antáine fosta mar dhuine a raibh ard - suim aige i gceist na Gaeilge. Lean an cairdeas seo idir Jack agus Caitlín agus pósadh iad ar an 4ú lá de Mhí Mheán Fómhair, 1945 i Séipéal Naomh Pól ar Ché Árann i mBaile Atha Cliath. Chaith siad mí na meala i gCo. Chill Mhantáin agus caoga bliain ina dhaidh sin, d ’ eagraigh an teaghlach teacht le chéile san ionad chéanna inár fhan siad, Teach Ósta Hunters. B ’ iontach an rud é go raibh an leabhar cláraithe, a bhí in úsáid ag an am ar pósadh Jack agus Caitlín, i dtaisce acu go fóill agus ba dheas an rud é an dá ainm a fheiceáil mar a cuireadh iad ann leath chéad bliain roim- he sin. Mar a tharla ag an am, ba Jack a shínigh an dá ainm agus in ionad Cait- lin, shínigh sé a hainm mar Mrs J Mac Fadden. Ní aontódh mná an lae inniu le sin. I ndiaidh a bpósta, bhí cónaí ar dtús ar Jack agus Caitlin sa ‘ White House ’, teach atá leagtha anois ach a bhí ar chúl tí Jim Carr, agus ina dhiaidh sin bhí cónaí orthu i dteach ‘ John Kelly ’, áit a bhfuil cónaí ar Marion Buchan- nan anois. Ba ansin a chaith mise na chéad cúpla bliain de mó sha- ol. Lá a bpósta. Cé Árann, Báile Cliath, 1945 Jack & Máirín taobh amuigh de theach 'Kelly' c1951.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3