Guth Ghoill, Eagrán 66
Eagrán 66 Iúil 2020 19 Ní raibh uisce reatha nó leictreachas sa teach, bhí seo coitianta san am mar nach raibh an leictreachas sna Dúnaibh go fóill. Rachadh Jack nó Caitlín síos a ’ bealach a fhad le teach tábhairne Diamond agus gheobhadh siad buicéad uisce achan lá ansin ó Mhánus Mór Ó hOireachtaigh, eisean a bhí i gceannas ar an teach tábhairne san am sin. Ar a rothar a théadh Jack ‘ na scoile go Doire a ’ Chasáin ar dtús ach ar ball cheannaigh sé Morris Minor ar athdhíol .IH 8874 an uimhir a bhí air. Tá mé den bharúil go raibh Morris Minor ag James Aindí Simon den uimhir IH 8873 ag an am chéanna. D ’ aithneofá James ag teacht id threo mar go mbeadh a uillinn i gcónaí amuigh ar fhuinneog an chairr! Conraitheoir Tarlaithe . Thart fan am seo fosta, cheannaigh Jack agus Charlie Willie (MacPháidín), uncail Mháirtín Uí Chathasaigh, leoraí Bedford eatarthú agus ba ghnáth leofa lasta éisc a thabhairt go dtí Margadh na Feirme istigh i gCathair Bhaile Atha Cliath agus lasta torthaí a thabhairt ar ais. Bheadh Jack ag dul de seo í rith na laethanta saoire agus ag an deireadh seachtaine agus ba mhinic a labhair sé fá chomh fadálach agus chomh fuar a bheadh sé ag dul thar an Chorrsliabh idir Sligeach agus Mainistir na Búille le linn an dara cogaidh. Ni raibh téitheoirí ar bith sna le- oraithe san am sin agus bheadh blaincéad thart ar do ghlúine leis an teas a choinneáil ionat. Fosta, ní raibh cumhacht stiúrtha nó giaranna sioncramhogallach agus bheadh ort an chrág a bhrú síos dhá uair achan am a d ’ athrófa na giaranna. Bheadh orthu a bheith i láthair go han - luath ar maidin ag Margadh na Feirme mar gur fhoscail siad go h - an luath agus d'fhág sin iad ag fágáil na Dúnaibh i lár na hoíche. Níor mhair an fiontar seo ach cúpla bliain agus dhíol siad an leoraí. Nuair a bhí siad a dhíol shocraigh Jack bualadh leis an cheannaitheoir in aice le Colún Nelson i mBaile Átha Cliath agus chomh luath agus a bhí an t - airgead ina lámh, isteach díreach leis go dtí ’ n GPO le é a chur i dtaisce. Ó na blianta a chaith Jack i mBaile Átha Cliath, bhí a fhios aige go raibh boic ag ‘ nocáil ’ thart a bheadh ábalta do chuid airgid a ghoid uait i bhfaiteadh na súl. Go Leargan Riabhach. Bhí an teach ina raibh Jack agus Caitlín ina gcónaí ann in aice le Tigh Diamond glactha ar cíos acu agus i rith an ama a bhí siad ansin, rugadh Máirín, mé féin agus Eithne.Cheannaigh Jack suíomh do theach i Leargan Riabhach agus ba Mick Bhoydie ( Ó Bródlaigh) a bhí i gceannas na tógála. D ’ oibrigh Prionnsaí Dhonnachaidh Mhicheáil air fosta agus é ina dhiúlach óg. Bhog Jack agus an chlann go Leargan Riabhach i 1952 agus ba ansin a chaith sé formhór a shaoil. Cé gur foirgneamh úr a bhí ann, ní raibh an leictreachas ar fáil go fóill agus an Tilley a sholáthair an solas. Bhí suim ag Jack sa gharraíodóireacht agus i gcónaí bheadh garraí aige ar chúl
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3