Guth Ghoill, Eagrán 66
Eagrán 66 Iúil 2020 20 an tí áit ar fhás sé prátaí, cabáiste, oinniúin, meacain agus tornapaí. Ar thaobh an tí, bhíodh crainn úill, spíonáin agus cuiríní dubha. Dhéanadh Caitlín potaí móra suibhe a mhaireadh i rith na bliana. Bá ghnáth leis Friesian nó beirt a choinneáil fa choinne a chuid bainne fhéin a bheith aige don teaghlach. Bhlíodh sé iad sa bhóitheach ar chúl an tí i Leargan Riabhach achan mhaidin sula dtéadh sé ‘ na scoile. Chuirfeadh muidinne an bhó suas ar ais ag innilt sa ‘ Beef Park ’, cuibhreann le Jimmí Antain, thuas ar chúl tí Jimmí sula dtéadh muid ‘ na scoile. D ’ réir mar a bhí am le spáráil, ritheadh muid ar ais ‘ na tí síos fríd chuibhreann Neidí Hudie agus rachadh muid sa charr ‘ na scoile no leanadh muid linn thar Mhalaigh ‘ n Chnoic ‘ na scoile. Ba le linn na mblianta sin a chaith Jack agus Caitlín i Leargan Riabhach a rugadh an chuid eile den chlann, ‘ sé sin, Aodán, Déaglán, Seán, Rónán, Dáiríne, Réamann agus Orlaith. Sábháilteacht Uisce. Ní raibh ach snámh an - bhunúsach ag Jack é fhéin agus bheireadh sé fa deara go raibh formhór pháistí na gcuairteoirí a tháinig ar laethanta saoire go dtí na Dúnaibh ábalta snámh maith a dhéanamh ach nach raibh sin amhlaidh i gcás lear d ’ aos óg na háite. B'fhéidir go raibh baint ag sin leis an ghaol a bhí idir Ros Goill agus an fharraige ó thaobh iascaireachta de mar ní raibh mórán iascairí ábalta snámh a dhéanamh. Bhí sórt pisreoga ann fá thitim isteach san fharraige agus go mbeifeá níos fearr a bheith báite go tapaidh na mairstin san uisce. Sin nó fanacht ar shiúl ón uisce ar fad. Os rud é nach raibh duine ar bith san áit a bhí oilte le snámh a theagasc, chuaigh Jack i dteangmháil le Cumann na Croise Deirge i mBaile Átha Cliath fán chás seo, mar go raibh cúrsaí snámha a reáchtáil acusan in áiteacha éagsúla ar fud na tíre. Rinne Jack achainí ar an Chumann, cúrsa den chineál seo a reáchtáil sna Dúnaibh agus ceart go leor, d ’ aontaigh siad sin a dhéanamh. Thosaigh fear darbh ainm Paddy Phibbs a theacht Trá Beag, c1965. Jack ag 'stepáil' thart. Ar Trá Beag, c1965
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3