Guth Ghoill, Eagrán 66

Eagrán 66 Iúil 2020 21 go dtí na Dúnaibh achan Samhradh ar feadh blianta fada agus mhúineadh sé snámh agus an dóigh le tarrtháil a thabhairt do bhunadh óg na háite. Bheadh scaifte mór d ’ aos óg na háite agus, fosta, cuid de pháistí na gcuairteoirí thíos ar an trá, ag an Chrannóg nó, dóibh siúd a bhí níos ábalta, ag an chéidhe. Chaith- feadh Paddy mórán uaireanta amuigh san uisce agus chuireadh sé íontas orainne nár mhothaigh sé an fhuacht. Cé gur Paddy a bhí i gceannas ar an chúrsa agus ag déanamh na h - oibre cruaidhe bheadh Jack ag ‘ stepáil ’ thart anois agus arís go bfheicfeadh sé caidé mar a bhí rudaí ag dul agus tá a fhios agam gur bhain sé sásamh an - mhór as an méid páistí a ghlac pairt sna cúrsaí snámha thar na blianta. Thug Madge Sweeney, a raibh teach aicí os cionn na céidhe, cead dúinn athrú istigh i bhfoirgneamh a bhí ar an bhealach síos ‘ na céidhe agus ba é a bhí deas nuair a thiocfá amach as an fharraige fhuar agus b'fhéidir gaoth fheanntach ag séideadh aníos a ’ bháighe. Bhí sórt draíochta ag baint le taobh istigh den fhoirgne- amh sin agus go fóill, an cor- ruair a bhím ar ais sna Dúnaibh, má shiúlaim thairis, tarann cuimhní ó m ’ óige ar ais chugam. Féach ar na pictiúir go bfheicfidh tú an bhfuil tú ábalta tú féin a aithint nó cairde eile a bhí agat as a ’ cheantar. Aithním cuid mhór acu. Ó! chomh fa- da ó shin agus cuid mhaith de na daoine óga sin anois ar Paddy Phibbs & na gasúir . Na Gasúir ar Thrá Beag, c1965. Na girseacha ar Thrá Bheag, c1965.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3