Guth Ghoill, Eagrán 66

Eagrán 66 Iúil 2020 22 shlua na marbh. Go ndéana Dia a mhaith orthu. Blianta i ndiaidh m ’ amsa ar an chúrsa, baineadh úsáid as Linn Snámha Óstán Charraig Airt agus maram nach dtarann an oiread cáithníní ar chraiceann na bpáistí anois agus a tháinig orainne ar na laetha fionnuara sin thíos ar an trá nó ag an Chrannóg, sna seascaidí. Rudaí Eile A Raibh Baint Ag Jack Leo . Taobh amuigh de na rudaí sin atá luaite agam, a raibh baint ag Jack leo thar na blianta, ón am ar phill sé mar mhúinteoir óg ó Bhaile Átha Cliath ,bhí baint aige fosta i gcuid mhaith eile. I measc na rudaí sa chomharsanacht a raibh sé gníomhach iontu thar na blianta fosta bhí: Cumann Forbartha na nDúnaibh, Comórtas na mBailte Slachtmhara, Raidió na Gaeltachta agus mar Fheidhmeannach Síochána. Bhí sé ar dhuine den ghrúpa a cheannaigh an píosa talaimh ag an Chrannóg agus a chum an Gníomhas (Trust Deed) a thug cumhacht dleathach dóibh an áis sin a thabhairt chun críche do lucht báid. I gcúrsaí gnó, bhí sé ag dul de chúpla iarracht thar na blianta mar: Bróicéir Ára- chais, Ceantálaí, Soláthraí Gais & Teilifíse, Soláthraí radaitheoirí, gaileadáin agus píopaí do chórais théimh lárnaigh. B'fhéidir gur an cúlra a bhí aige ag fás aníos i siopa a mháthar Julia i nDoire a ’ Chasáin agus na scéalta fá shiopa a Athair Mhóir Johnnie Mháire ag an Chéidh a spreag seo ann. Fosta, bhí deichniúr de chlann aige agus suim aige iad a chur go dtí an Ollscoil dá mb ’ fhéidir leis, agus, cé gur múinteoir scoile a bhí ann , bhí sin teann go leor in amanna. Mar a deir- eadh Jack, níor éirigh sé saibhir astu. Ar Scor Agus Deireadh A Shaoil . Duine ar bith a d ’ fhreastail ar Scoil Dhoire a ’ Chasáin, bheadh cuimhne acu ar chomh bunúsach agus a bhí an foirgneamh ó thaobh teasa, leithrise, an chlóis agus fosta bhí na francaigh! Ní raibh mórán airde tughta ag na húdaráis ar rudaí mar seo go ceann i bfhad. Bhí na fadhbanna céanna i gcuid mhór scoileanna eile fosta. I 1965, d ’ eagraigh grúpa de thuismuitheoirí sa cheantar in aghaidh seo agus coinníodh na páistí ón scoil ar feadh tamaill. Ritheadh agóid le scoil úr a thógáil agus go dtí go raibh sin réidh, reáchtáileadh an scoil i gCóláiste Olibhéir

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3