Guth Ghoill, Eagrán 66
Eagrán 66 Iúil 2020 23 Pluncéid Beannaithe. D ’ oscail an scoil úr, Scoil Naomh Bríd i 1969. Lean Jack mar Phríomhoide anseo go deachaigh sé ar scor ar an 31ú lá de Mhí Lúnasa 1981, i ndiaidh dó daichead agus a dó bliain a chaitheamh ag teagasc; an chuid is mó de sin i Ros Goill. Bhí ré úr dá shaol ag toiseacht ach ba ghoirid a bheadh sé ar a shuaimhneas. Timpiste Bóthair. Chóir a bheith bliain i ndiaidh dó a dhul ar scor, tharla timpiste bóthair in aice le Béal Átha Seanaigh inár maraíodh iníon agus garmhac le Jack agus Caitlín, ba seo Eithne agus a mac óg, Eoin. Bhí siad ar a mbealach ó dheas agus tharraing Eithne isteach i leataobh le braon tae agus ceapairí a thabhairt don triúr pháiste a bhí léi. Bhí siad ag dul de na ceapairí istigh sa charr nuair a tháinig gluaisteán, a bhí ag teacht ón treo eile, trasna an bhealaigh mhóir as smacht agus rinne- adh smionagar de ghluaisteán Eithne. Maraíodh í ar an bpoinnte agus caitheadh an triúr pháiste amach ar thaobh an bhealaigh. Fuair Eoin beag bás ar a bhealach chun an Ospidéil i Sligeach agus cé gur gortaíodh an bheirt eile, Déaglán agus Róisín, buíochas le Dia, tháing siad slán. Ghoill an chaill seo go mór ar an chlann. Ghoill sé go háirithe ar Jack agus ar Chaitlín agus iad ag dul in aois ach, cosúil le cuid mhór den ghlúin sin, bhí creideamh láidir acu agus chuidigh seo leofa. Fosta, siocair go raibh athair na bpáistí ag obair ar shiúl ag an am, bhí cónaí ar an bheirt pháiste a tháinig slán le Jack agus Caitlín ar feadh tréimhse agus chuidigh seo leo fosta. Ar aghaidh lena Saoil. D ’ réir a chéile, i ndiaidh na timpiste, dhírigh Jack a aire ar an saol aríst. Bhí ‘ punt ’ aige, ‘ An Chrannóg ’ agus chaitheadh sé uaireanta pléisiúracha ag útamáil thart fá na cladaí agus ag fáil corr ghliomach agus corr mhurlas. Agus iad ag dul in aois, bhí aire Jack agus Caitlín dírithe ar a gclann agus ar chlann a gclainne. Ní fear é a bhí báúil ar chor ar bith don bheoir i rith a shaoil ach anois agus é ag glacadh a scíste sa bhaile, bhaineadh sé sult as cúpla canna beoir i ndiaidh am dinnéara sa tráthnóna agus é ag amharc ar an teilifís nó ag cur nótaí ina dhialann. Agus cúpla canna a bheadh ann mar ní raibh mo mháthair fabhrach do bharraíocht de seo.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3