Guth Ghoill, Eagrán 66
Eagrán 66 Iúil 2020 24 Thosaigh sé ag cruinniú agus ag scríobh síos scéalta fá eachtraí a tharla fan pharóise thar chúpla céad bliain. Bhí an t - ábhar uilig clóscríofa aige ar shean chló bhuailteoir agus é ar intinn aige é a fhoilsiú. Fuair sé bás sular tharla seo ach foilsíodh an leabhair, ‘ Ar Toinn Is Ar Tír ’ i ndiaidh a bháis. Athruithe. Thug muid fá deara sa chlann go raibh sé ag éirí ciúin agus dearmadach agus ar ball, rinneadh fáthmheas go raibh sórt éigin néaltrú (dementia) ag teacht air. Bhí dúil an - mhór ag Jack a bheith ag tiomáint anseo is ansíúd ar fud na tíre ach thug cúpla duine fá deara nach raibh sé chomh sábháilte ag tiomáint agus a bhíodh. Shocraigh muid sa teaghlach nach dtiocfadh linn neamhaird a dhéa- namh de sin agus b ’ éigean dúinn a rá leis go mbeadh air stopadh. Cé go raibh seo ina bhuille an - trom dó, ghlac sé go modhúil agus go béasach le sin agus ón lá sin, níor fhiafraigh sé níos mó fá choinne eochracha an chairr. Ní dhearna sé é níos cruaidhe dúinn ná mar a thiocfadh leis a bheith. Anois, nuair nach raibh cead aige a bheith ag tiomáint, rachadh Jack amach ar shiúlóidí fada i ngach sórt aimsire, agus bhuaileadh sé isteach i dtithe áirithe agus nach suimiúil an rud é go dtabharfadh sé a aghaidh i gcónaí ar theach Mharian Buchannan. Mar a luaíodh cheana, ba seo an teach ina raibh sé na chónaí nuair a thosaigh sé ag teagasc i Scoil Dhoire a ’ Chasáin. Bhí foighid ag daoine agus tuicsint acu dó mar d'fhanadh sé níos faide ná d ’ fhoireadh sé in amannaí. Le linn an ama seo, díoladh an teach ina raibh cónaí air i Leargan Riabhach
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3