Guth Ghoill, Eagrán 66

Eagrán 66 Iúil 2020 25 agus bhog siad go teach níos lú os comhair Óstán na Trá. Iontach go leor, cé gur chaith sé chóir a bheith caoga bliain ina chónaí sa teach i Leargan Riabhach, níor phill sé a choíche go dtí ’ n teach sin in earráid i ndiaidh a bheith amuigh ag siúil. Thug Caitlín agus mná eile a tháinig isteach, cúram do Jack go dtí nach raibh si- ad ábalta seo a dhéanamh sa bhaile a thuilleadh agus cuireadh é faoi chúram Ionad Altranais i bPort na Bláiche ar dtús agus ina dhiadh sin, i Ráth Mealtáin. Cosúil leis an dóigh ar ghlac sé le stop a bheith curtha leis a bheith ag tiomáint, bhí sé mar a ’ gcéanna leis an Ionad Altranais. Cé nach áit a bhí ann ar mhaith leis a dhul ariamh, níor throid sé ina éadan ná ní raibh sé achrannach ná deacair cúram a thabhairt dó. Fuair Jack bás ar an 18 Iúil 2002 in Ionad Altranais Ráth Mealtáin, an baile céanna inár thosaigh sé ag teagasc os cionn ceithre bliana agus trí fichid roimhe sin. Bhí sé ochtó cúig bliain d ’ aois. Fuair a bhean chéile, Caitlín bás i mBaile Cliath in 2018 agus í chóir a bheith céad agus a haon. A Chlann. Bh í deichniúr páiste ag Jack agus Caitlín. Máirín : bhí sí pósta ar Sheán de Búrca agus cónaí uirthi nDroichead Átha. Fuair Seán bás go tobann anuraidh. Triúr páistí acu. Chaith Máirín seal blianta ag múinteoireacht ach ina dhiaidh sin, bhí sí i mbun gnó lena fear céile ag dáileadh tairgí do radharceolaí (opticians). Ciarán: pósta le triúr mac agus cónaí air anois i Sligeach. Chaith sé cuid mhaith blianta ag obair mar mhúinteoir corpoideachais ach níos déanaí, ag obair le Comhlacht Cógaisíochta (pharmaceutical). D ’ imir Ciarán i lár na páirce d ’ fhoireann Ghaeil na Maoil Ruaidhe. Eithne : bhí Eithne pósta ar Micheal Hogge, nach maireann agus bhí tríur páistí acu. Bhí Eithne ag staidéar leighis i nGaillimh ach phós sí an Dochtúir Michael agus chuaigh siad go Ceanada. Phil siad go hÉirinn ach ar an drochuair maraíodh Eithne agus a mac Eoin in aice le Béal Átha Seanaigh I dtimpiste bóthair i Mí Lúnasa, 1982. Aodán : pósta le beirt iníonach agus mac agus ina chónaí i bPort Láirge. Chaith sé cuid mhór blianta ag obair do Chomhlacht Árachais agus ina dhiaidh sin ag reáchtáil tithe tábhairne i mBaile Cliath agus níos moille i Loch Garman. Tá sé ar scor anois ach tá B&B a reáchtáil aige féin agus ag a bhean chéile cóngarach do Ros Láir. D ’ imir Aodán sna cúil d ’ fhoireann na nDúnaibh. Déaglán : bhí Déaglan pósta ar Áine Beck as Cill Choinnigh ach ar an drochuair, fuair Áine bás d ’ ailse in 2018. Seisear páistí a bhí acu. I ndiaidh dó cáiliú mar Bhithcheimiceoir& Micribhitheolaí, d ’ oibrigh sé do Guinness ar feadh cúig

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3