Guth Ghoill, Eagrán 66
Eagrán 66 Iúil 2020 26 bliana ach chaith sé an chuid is mó da shaol i Singapore, mar Uachtarán ar Chomhlacht Symrise i gceantar eacnamaíochta an Aigéin Chiúin & na hÁise. Tá sé ar scor ó sin anois ach gníomhach mar infheisteoir agus mar chomhairleoir. Bíonn cónaí air anois idir Singapore agus Éirinn. Seán : pósta agus ina chónai le cuid mhór blianta i Sligeach áit ar oibrigh sé mar Anailisí sa tSaotharlann Réigiúnach Tréidliachta. Tá sé ar scor anois agus tosaithe ar ghailf don chéad uair! Triúr mac agus iníon aige. Rónán : pósta i mBaile an Bhiataigh, Co. na Mí agus beirt iníonach aige. Bhí sé ina Phríomhoide ar Scoil an Spioraid Naoimh, an Inse, Co. na Mí ach tá sé ar scor anois. Suim mhór aige sa ghalf agus imríonn sé go minic le fear eile de bhunadh na háite a bhi ag múíneadh i nDroichead Átha ach atá ar scor fosta, sin Proinnsias Ó Brollcháin. Dáirine : pósta i mBaile Átha Cliath agus beirt mhac agus iníon aici. Cháiligh Dáirine mar dhlíodóir agus d ’ oibrigh sí mar dhlíodóir go príobháideach agus le RTÉ ar feadh blianta. Tá si ar scor ón dlíodóireacht anois ach ag obair ar chathaoir bhreithiúnais san am i láthair. Réamann : Ba Réamann an duine den chlann a chaith an chuid is mó dá chuid ama sna Dúnaibh ach tá cónaí air i mBaile Átha Cliath le cúpla bliain anuas. Bhí gnó ceantála agus árachais aige i gCarraig Airt ach nuair a theip ar an chóras geileagair, bhog sé go Baile Átha Cliath. D ’ imir Réamann d ’ fhoireann na nDúnaibh Orlaith : pósta i gContae Longfoirt agus beirt iníonach agus mac aici. Tá Orlaith ina Príomhoide i Scoil Naisiúnta Naomh Feilm, Béal Átha na nEach i gContae an Chábháin. Tá Francie ag cuartú eolais agus grianghraf ar Bhád Dhoire a bhí ag taisteal ó Dhoire go Glasgow suas go dtí 1966 le paisinéirí. Beidh muid buíoch libh as ucht cuidithe ar bith a thig libh tabhairt dúinn. Má thugann sibh grianghraf ar bith dúinn dhéanfaidh muid iad a scanáil isteach sa ríomhaire agus bhéarfaidh muid iad ar ais daoibh.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3