Guth Ghoill, Eagrán 66

Eagrán 66 Iúil 2020 27 Mar gheall ar Acht na Gaeltachta 2012, cuireadh Ros Goill, Fánaid, An Tearmann, An Craoslach, Gleann Bhairr agus Gleann Domhain le chéile mar aon limistéar pleanála teanga (LPT) amháin ar tugadh Tuaisceart Dhún na nGall air. Tháinig coiste le chéile ó eagraíochtaí Gaeilge éagsúla sa limistéar chun Plean Teanga a scríobh a rachadh i ngleic leis an ghéarchéim teanga sa Ghaeltacht. Tá an plean sin, a mhairfidh 7 mbliana, á chur i bhfeidhm anois ó Mhí na Samhna anuaraidh. Labhair Oisín Mac Eó, Oifigeach Pleanála Teanga nua - cheaptha don limistéar, le Guth Goill faoi thodhchaí na Gaeilge sa cheantar agus faoina chúlra féin. “ Tháinig mo mháthair mhór ar an tsaol i Mín an Lábáin i dTuaisceart Dhún na nGall breis is céad bliain ó shin agus tógadh le Gaeilge ansin í. Mar sin, cé gur rugadh agus gur tógadh mé i gcathair Dhoire, mhothaigh mé ar dhóigh inteacht i mo chroí go raibh mé ag filleadh ar mo dhúchas nuair a tháinig mé anseo ag tús na bliana. Tá mé lonnaithe in oifigí Chéim Aniar sna Dúnaibh agus tá an t - ádh dearg orm a bheith ag obair in áit le daoine chomh cumasach agus chomh díograsach, sin le Francie Ó Cuilinn agus Anna Nic Lochlainn. An chéad rud a thug mé faoi deara faoi Ros Goill ná an oiread oibre atá déanta thar na blianta chun an Ghaeilge a chur chun cinn ag Céim Aniar, go háirithe i measc na n - óg, le ranganna ceoil agus drámaíochta, le campaí samhraidh agus leis an chlub iarscoile. Tá mé féin gníomhach i saol na Gaeilge ó 1999. Bhunaigh mé an chéad ghrúpa tuistí agus tachrán do theaghlaigh Ghaeilge i gcathair Dhoire go bhfios domh, seacht mbliana ó shin. Tagann idir cúigear déag agus fiche páiste chuig ár seisiúin ar an tSatharn lena dtuismitheoirí agus lena seantuismitheoirí. Chuir mé “ créis ” nó “ naíolann ” lán - aimseartha ar bun i dTír Chonaill a bhí ag feidhmiú den chuid is mó trí Ghaeilge sa Ghalltacht agus bhí an naíolann sin lán faoi mhaol le liosta feithimh sular chuir mé deireadh léi chun mo theaghlach a bhogadh go Rann na Feirste i 2019. Bhunaigh mé gaelscoil i gcathair Dhoire i 2005 agus tá sí ag dul ó neart go neart ó shin. An naíscoil atá mar chuid den ghaelscoil, tá sí sin lán le 5 bliana anuas agus bíonn ar an bhunscoil spásanna breise a éileamh ón Roinn achan bhliain le go dtig léi glacadh leis na páistí ar fad a chuireann iarratas isteach ar áiteanna sa scoil. Ach i ndiaidh trí bliana déag ag obair mar phríomhoide sa ghaelscoil, mhothaigh mé go raibh an jab déanta agus go raibh sé in am tabhairt faoi dhúshlán úr. Tuigim go rímhaith tábhacht na Gaeltachta do thodhchaí na teanga agus tá mé go láidir den tuairim gurbh fhéidir liom an taithí atá agam a chur chun leasa phobal teanga an limistéir chun todhchaí na Gaeilge mar theanga pobail ann a chinntiú, agus sin an fáth ar thug mé orm féin an dúshlán áirithe seo. Ceapadh mé i mí Eanáir agus sula raibh muid buailte ag Covid 19 i lár mhí an Mhárta, bhí muid in ann tús a chur le clár imeachtaí spreagúla do Sheachtain na Gaeilge. Bhí Oisín Mac Eó, Oifigeach Pleanála Teanga nua - cheaptha

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3