Guth Ghoill, Eagrán 66

Eagrán 66 Iúil 2020 28 cúpla imeacht poiblí againn agus bhí scoileanna an LPT rannpháirteach in imeachtaí a thug cúpla céad dalta bunscoile ó Chionn Fhánada go Gleann Domhain le chéile. D ’ eagraigh mé maidineacha caife i gcuid de na scoileanna agus thug sin deis domh labhairt le tuismitheoirí na háite faoin Ghaeilge agus faoin tumoideachas. Nuair a thiocfaidh muid ar ais sna míonna beaga amach romhainn, beidh mé ag súil le hoscailt naíonra Ghleann Domhain, le seoladh oifigiúil an phlean teanga, le bunú clubanna óige agus líonra de theaghlaigh Ghaeilge sa limistéar agus le go leor tograí eile. Le cuidiú Dé, beimid uilig ar ais ar obair mar a bhí go luath. Tá fís agam don limistéar: beidh páistí muiníneacha agus líofa sa Ghaeilge ann mar gheall ar an tumoideachas, beidh clubanna óige á reáchtáil go rialta trí Ghaeilge agus beidh níos mó daltaí ón limistéar ag leanstan leis an oideachas trí Ghaeilge ag leibhéal iarbhunscolaíochta. Beidh Boinn Óir saothraithe ag na clubanna CLG faoi scéim Ghlór na nGael mar gheall ar iad a bheith ag cur chun cinn na teanga agus beidh cóitseáil á cur ar fáil do pháistí bunscoile trí Ghaeilge. Sa phobal i gcoitinne, beidh ócáidí sóisialta rialta d ’ óg agus d ’ aosta trí Ghaeilge, beidh deiseanna ann d ’ fhoghlaimeoirí, beidh seirbhís ar fáil trí Ghaeilge sna hionaid phobail agus beidh tacaíocht do theaghlaigh a úsáideann an Ghaeilge sa bhaile. Beidh ardú 4% i líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa limistéar thar thréimhse 7 mbliana, fad saoil an phlean. Tuigim go bhfuil an méid sin ar fad uaillmhianach ach creidim go bhfuil sé indéanta chomh maith, tógfaidh sé am agus rannpháirtíocht an phobail chun an Plean a chur i gcríoch. Tá rudaí iontacha i ndiaidh titim amach i saol na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht le glúin anuas, go háirithe sna Sé Chondae agus creidim anois gurb í an Phleanáil Teanga sa Ghaeltacht an rud is tábhachtaí i saol na Gaeilge, sn lá atá inniu ann, is í an chloch is mó ar phaidrín na nGael í, mar a deirtear. Mar a dúirt cara liom ar na mallaibh, dá mba rud é go mbeadh dea - scéal ag teacht amach as an Ghaeltacht go raibh an taoide á hiompú ar ár son mar gheall ar ghníomh ón phobal, go dtabharfadh sé misneach agus spreagadh as pabhar do ghluaiseacht na Gaeilge ar fud fad na tíre. ”

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3