Guth Ghoill, Eagrán 66
Eagrán 66 Iúil 2020 29 Bhí Aisteoirí Mhíobhaigh ag obair ar an dráma Peacadh Cholmcille le hé a chur ar an ardán i mí Aibreáin. Ar an drochuair char tharla sin de thairbhe an Covid 19 a bhuail an domhan go tobann ag tús na bliana. Tá súil againn go bhfaighidh muid deis an dráma a chur os comhair an phobail am inteacht amach anseo nuair atá smacht curtha ar an víreas uafásach seo. Chuir Aisteoirí Mhíobhaigh an dráma seo i láthair sa bhliain 2007 ach de thairbhe go bhfuil ceiliúradh 1500 bliain ar bhreith Cholmcille ag dul ar aghaidh i 2020 - 21 moladh go mór dúinn an dráma a athbheochan don ócáid. Tá lear athruithe sa leagan seo den dráma i gcomparáid le leagan 2007 ó thaobh taighde agus ó thaobh carachtair de. Tá a fhios agam go bhfuil stair Cholmcille ar eolas go maith ag muintir Ros Goill ach nuair a bhí mé ag gabháil don taighde seo le feabhas a chur ar an dráma tháinig mé trasna ar fhíricí éagsúla fán Naomh a bhí iontach suimiúil agus ba mhaith liom píosa a scríobh i nGuth Ghoill le cur leis an dráma agus le cuid de na fíricí seo a roinnt libh. Tá an t - ádh orainn sa tír seo mar go bhfuil trí phátrún againn - Naomh Pádraig, Naomh Bríd agus Naomh Colmcille. Tá Lá Fhéile Pádraig ar an 17ú Márta, tá Lá Fhéile Naomh Bhríd ar an 1ú Feabhra agus tá Lá Fhéile Colmcille ar an 9ú Meitheamh. Rugadh Colmcille ar an 7ú Nollaig 521 i nGartán i dTír Chonaill. Tá rud beag amhrais fán dáta seo mar tá staraithe ann atá den bharúil gur i 520 a rugadh é. Sin an fáth go bhfuil an ceiliúradh ag toiseacht ar an bhliain seo chugainn agus go leanfaidh sé ar aghaidh isteach go 2021. Níl amhras ar bith, de réir cosúlachta, ná go bhfuair sé bás ar an 9ú lá de Mhí Meithimh 597 agus aois suntasach de 75 bliain bainte amach aige. Nuair a ghlacann tú san áireamh go raibh ar an mheán fad saoil de 30 - 33 bliain ann ag an am tchíonn tú gurb iontach an aois a bhí aige.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3