Guth Ghoill, Eagrán 66

Eagrán 66 Iúil 2020 3 Bingo. Cé a chreidfeadh go gcuirfí deireadh leis an Bhingo? Cé a chreidfeadh go mbeadhas muid uilig scartha óna chéile? Ó mo chéad chuimhne bhí i gcónaí scaifte daoine thart orm. Amach ón slua a bhí i mo theaghlach, bhí suas le céad dalta ar Scoil náisiúnta na nDoirí Beaga, mo scoil fhéin, agus nuair a chuireann tú san áireamh go raibh deich scoil náisiúnta i bparóiste Ghaoth Dobhair ag an am, (níl ach cúigear ann faoi láthair), is féidir liom a rá nach raibh ganntanas páistí fán cheantar a bhí thart orm. Nuair a rachfá chuig faoistin tráthnóna Dé Sathairn bheadh scuaine chomh fada le seachtain romhat agus ba chuma cén tAifreann a rachfá chuige Dé Domhnaigh bheadh teach an phobail plódaithe. Da mbeadh faire fán bhaile cha bheadh áit seasaimh sa teach agus ansin, muna bea duine muinteartha duit fhéin a fuair bás, cha ngeofá a chóir na huaighe leis an méid daoine a bheadh i láthair ar an tórramh. Níos faide anonn i mo shaol, nuair a chuaigh mé amach go dtí ’ n Lagán ar fostú, bheadh orainn uilig dul chuig an aonach i Leitir Ceanainn ar dtús. Bheadh na sluaite againn ann ó achan chearn den chontae agus muid uilig ag súil le agus ag guí go ndéanfadh feirmeoir réasúnta muid a roghnú. Creid é nó ná creid ach bhí muid uilig ag iarraidh go roghnódh Protastúnach muid mar cha bheadh obair de shórt ar bith ag dul ar aghaidh ar fheirmeacha s ’ acusan ar an Domhnach. Bhí an lá scíste sin a dhíobháil, tá mé ag insint daoibh. Níos faide siar arís chuaigh mé go hAlbain ar bhád Dhoire agus sin an bád nach raibh orla le spáráil air. Muna raibh do chloigeann sínte thar thaobh an bháid is tú ag roinnt do dhinnéir leis na faoileoga bheifeá sínte siar i gcoirnéal éigin is tú ag déanamh do dhícheall néal chodlata a fháil agus géimneach na mbó i mbolg na loinge thíos fút agus an chumhaidh don bhaile mar chloch mhuilinn thart ar do mhuineál mar go raibh a fhios agam fhéin gur imeacht gan pilleadh a bhí ann domhsa an t - am seo. Ag obair ar na feirmeacha in Albain a bhí muid ag an am agus thiocfadh le cúpla dosaen againn ó Thír Chonaill a bheith ar an fheirm amháin. Bheadhas muid uilig ansin pacáilte isteach sna botháin san oíche áit a mbeadh an t - ádh ort fairsing a fháil le do chosa a shíneadh.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3