Guth Ghoill, Eagrán 66
Eagrán 66 Iúil 2020 30 Tá sé suimiúil fosta go raibh Colmcille 10 mbliana thar fad saoil na tréimhse seo nuair a d ’ fhág sé Éire le dul go hoileán Í. Tugadh Columba air, sin leagan Laidine den ainm Colum agus cuireadh an iarmhír – ‘ cille ’ leis. Ciallaíonn ‘ cille ’ ‘ de na heaglaisí ’ ( 'of the churches'). Duine den uaisleacht a bhí i gColmcille agus ar thaobh a athar ba gar - gar - garmhac de Niall na Naoi nGialla a bhí ann. Chuaigh sé isteach go Mainistir Chluain Ard (Clonard), a shuíonn ar bhruach na Bóinne i gContae na Mí, nuair a bhí sé 20 bliain d ’ aois. Thug col ceathar dena chuid talamh dó cóngarach do Loch Feabhail agus thóg sé mainistir ann—ba seo Doire dár ndóigh. Ó Dhoire bhí sé ábalta dul amach agus an Chríostaíocht a theagasc do phágánaigh an tuaiscirt. Taobh istigh de dheich mbliana bhí scór go leith de mhainistreacha tógtha aige agus bhí a naofacht pearsanta mar inspioráid do lear daoine. San am chéanna, naofa is eile is mar a bhí sé, chan aingeal ar bith a bhí ann agus thóg sé go leor achrann agus ruaille buaille ina am. Ba chuma caidé a chuaigh Colmcille ina bhun bhí a chumas le feiceáil go láidir ann. Is scríobhaí a bhí ann, is file a bhí ann, is tógálaí mainistreacha a bhí ann agus le cois sin uilig is tairngire a bhí ann. Cuirfidh mé isteach cuid de na tairngreachtaí seo ag deireadh an phíosa seo. Anois chuala sibh uilig fá Nessie agus Loch Ness in Albain ach an raibh a fhios agaibh nach bhfuil a dhath luaite fán ollphéist seo go dtí gur chas sé le Colmcille. Ar an 22ú Lúnasa 565 bhuail Colmcille le Nessie. Bhí air dul trasna Loch Ness agus leathbealaigh trasna d ’ éirigh Nessie os a choinne. Scanraíodh an diabhal as na boic eile a bhí sa bhád ach thóg Colmcille a lámh, rinne sé comhartha na croise agus dúirt sé, “ Ní rachaidh tú níos faide, agus ní bhainfidh tú d ’ fhear ar bith; ar ais leat anois. ” Nuair a chuala Nessie bocht glór an Naoimh d ’ éalaigh sé níos tapúla ná mar a bheadh sé tarraingthe chun deiridh le rópaí. Bhí na págánaigh áitiúla lán d ’ iontas nuair a chonaic siad seo agus ghlac siad leis an Chríostaíocht lom díreach . Níl easpa scéalta fá Cholmcille i seanchas na tíre seo ach oiread, go hairithe anseo i dTír Chonaill. Cha shílim go bhfuil paróiste nó ceantar sa Chontae nach bhfuil scéal acu fá dtaobh de. Anseo i Ros Goill tá cúpla scéal againn agus cha bhíonn leisce ar bith orainn na scéalta seo a insint do dhuine ar bith a mbíonn fonn orthu éisteacht leo. Chaith neart de bhoic óga Ros Goill séasúr nó dhó amuigh ag iascaireacht brádán agus chuala muid uilig an scéal fa cad chuige nach raibh brádáin le fáil i gCuan na Maoile Ruaidhe, rud a bhí fíor go dtí gur thosaigh feirmeoireacht éisc agus go dtáinig na caighin (cages) isteach agus d ’ éalaigh cuid de na brádáin a raibh fonn saoirse orthu. Seo mar a chuaigh an scéal. Bhí
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3