Guth Ghoill, Eagrán 66

Eagrán 66 Iúil 2020 31 Colmcille ina sheasamh ar an chladach thíos san áit a bhfuil an bád chlóis. (Luaitear áiteacha éagsúla ag bráth ar bhaile fearainn an scéalaí). Cibé ar bith tháinig beirt iascaire isteach ar churach agus chuir Colmcille ceist orthu. “ An bhfuair sibh éisc ar bith, a fheara, ” a dúirt sé. “ Chan fhuair, ” arsa fear acu. (Ba mhinic a smaointigh mé gur maith an rud nár luadh sloinne an bhréagadóra seo sa scéal mar chan mórán de shaol a bheadh ag a bhunadh fán cheantar seo). “ Muna bhfuair, ” arsa Colmcille, “ gheobhaidh sibh, ach, má fuair ní bhfaighidh sibh ” Le sin léim dhá bhrádán amach as an churach agus char beireadh ar bhradán fiáin amháin sa Mhaoil Ruaidh ó shin. Scéal beag deas ach tuigeann muid anois nár beireadh ar bhrádáin fhiáine ar bith siocair nach bhfuil aibhneacha ar bith ag reáchtáil isteach sa Mhaol Ruaidh. Tá an scéal ann fosta fán am a tháinig Colmcille go Ros Goill ar dhroim asail. Nuair a bhí sé ag dul suas Malaigh ‘ n Fhraoigh luigh an t - asal don chéad uair agus cuireadh leac ‘ na sheasamh san áit sin. Tá an leac le feiceáil go fóill ann. Síos go Cluain tSaileach ansin le Colmcille agus luigh an t - asal ansin don dara huair. Tá cros bheag le feiceáil ansin fosta. Síos i dtreo na Maoil Ruaidhe a chuaigh an fear naofa ansin agus luigh an t - asal san áit ar thóg Colmcille eaglais bheag. Tá na ballaí ina seasamh go fóill i lár Reilig Mhíobhaigh. An bhfuil an scéal sin fíor? Níl a fhios agam. Thiocfadh leis a bheith fíor agus tá sé soiléir go raibh tábhacht faoi leith ag baint leis an eaglais agus le Reilig Mhíobhaigh. Níl fáth ar bith nach dtiocfadh Colmcille go Ros Goill ach, má bhí sé anseo, chan ar asal a tháinig sé anuas a ’ bealach. Cad chuige a bhfuil mé ag rá sin? Mar cha raibh asail ar bith sa tír seo nuair a bhí Colmcille ar a chosa. Tháinig na hasail ón Afraic Thuaidh. Thosaigh siad ag éirí forleathan thart fán Mheánmhuir de réir mar a bhí Impireacht na Róimhe ag forbairt ach cha dtáinig na hasail an fhad seo ag an am. Tá sé ráite ag staraí nó dhó go mb ’ fhéidir go dtáinig corr asal isteach leis na Lochlannaigh ach níl fianaise ar bith gur tharla sin. Ach cé acu a tháinig cúpla asal isteach leo nó nach dtáinig bhí Colmcille ar shlua na marbh i bhfad roimhe seo. Cha dtig linn a rá go dtáinig siad isteach leis na Normannaigh ach an oiread. ‘ Sé ’ n chéad tagairt ata déanta d ’ asal in Éirinn ná i 1642 nuair a thit Caisleán Mhaigh Nuad i gcogadh na dTrí Ríocht.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3