Guth Ghoill, Eagrán 66

Eagrán 66 Iúil 2020 32 Bhí na hasail iontach fairsing sa tír seo ón tréimhse sin amach. Tá an t - asal chomh bainteach leis an tír seo anois is atá an Leipreachán, ach mar sin fhéin thig linn glacaint leis nach dtáinig Colmcille an bealach seo ar cheann acu. B'fhéidir go raibh ainmhí cosúil leis fán tír! Seo a leanas cuid de thairngreachtaí Cholmcille a bhaineann le Tír Chonaill. (Cuireadh na tairngreachtaí seo chugam tamall ó shin agus is í an scríbhneoir Máire Ní Fhinneadha a chuir iad i gcló agus sílim go bhfuair sí iad as Bailiúchán na Scol as scoileanna i gCreamhros agus Loch Muc i nDún na nGall ). De réir na dtairngreachtaí seo caithfidh go raibh baint mhór ag Colmcille le Fánaid. Tairngreachtaí: • Nach mbeadh Fánaid go deo gan trí Chlainn den sloinneadh Grant ann. • Go dtiocfadh an t - am nach mbeadh Mhic Bartún fágtha i bhFánaid. • Nach mbeadh duine de Chlann Uí Chonaghlaigh ná de Chlann. • Mhic Carráin ina sagairt go deo. • Nach gcrochfaí duine as Fánaid go deo. • Nach bhfásfadh na coillte i dTulaigh Chonaill go deo (áit atá 10 míle ó Phort an tSalainn). • Nach mbéarfaí ar iasc go deo i gCinn an Locha. • Go mbeadh capall bán agus fear mire i gcónaí in Iomaire Cam. • Nach bhfaigheadh bean óg bás choíche i gCeathrú Bláith. • Go mbeadh troid ag na Caitlicigh eatarthu féin. • Go mbeadh líne tithe ón Chroisbhealach go dtí Port an tSalainn. • Go gcumhdódh an fharraige Éire roimh dheireadh an tsaoil. • Go mbeadh a mhallacht go deo ar dhuine ar bith a chuirfeadh bróg ar a chois agus an iall a cheangal roimh an stocaí a chur ar an chois eile. • Nach n - aimseodh aon duine nead crotaigh go deo. • Go bhfiafródh athair dá mhac ar maraíodh aon iasc san fharraige sin riamh. • Go dtiocfadh na laochra isteach ag Port an tSalainn agus go maródh siad na daoine uilig suas go Gartán. Go mbeadh sagart ag léamh aifrinn ansin agus gurbh é a chuirfeadh stad leo. • Go mbeadh capall iarainn ar na bóithre agus go mbeadh carranna gan capall ann.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3