Guth Ghoill, Eagrán 66

Eagrán 66 Iúil 2020 33 • Nach mbeadh díobháil bia choíche i gCeathrú Bláith. • Go rachadh traein fríd Loch Bran roimh dheireadh an tsaoil. • Go mbeadh cath i ngleann i gCeathrú Bláith. • Go mbeadh cath ann agus go dtiontófaí fear trí huaire ina leaba go bhfeicfí an mbeadh sé in ann dul chun catha. • Go mbeadh báid gan seolta ann. • Fad a bheadh cloch a chaith sé i gcuibhreann i Springhill ina sheas- amh ní bheadh aon luchóg i bhFánaid. • Gheobhadh na fir dhubha réim na tíre. • Cogadh a chuirfeadh deireadh leis an saol. • Nuair a rachadh póilín thar Dhroichead Chéididh, bheadh sé in am ag gach duine é a leanstan. • Nach bhfásfadh crann go deo in Eascromaigh i Seanach. • Cogadh an dá Ghall an cogadh deireanach a bheadh ann, cogadh fómhair idir speal is corrán. • Bheadh droichead ar gach sruthán. • Gheobhadh an bhó lán a hadhairce d ’ ór. • Ligfeadh carraig sa domhan thoir trí bhúir roimh dheireadh an tsaoil (lig sí an chéad cheann ag an chogadh mhór). • Rachadh muc dhubh siar cúl Acla (an traein). • Nach maródh toirneach duine as an Ghleann go deo. • Go mbeadh scéalta ag rith ar bharr bataí in Éirinn. • Go dtiocfadh rud isteach sna Cealla a bheadh ag cur tine amach as a bhéal. • Go mbeadh Éire saor sa bhliain 1940. • Go gcuirfeadh Dia an fharraige uilig isteach i bhfaoileán ag deireadh an tsaoil. • Nuair a thiocfadh an cogadh deireanach ní bheadh sábháilte ach na daoine a bheadh ina seasamh ar an charraig sa Bhíofán. • Go mbeadh bealach mór ó Ard an Rátha go Tobar Cholmcille agus nuair a bheadh an bealach sin á dhéanamh go marófaí triúr fear ar an Chosán Ard. • Go dtiocfadh aicíd ar na madaidh roimh dheireadh an tsaoil agus go mbeadh siad ar mire agus nuair a thiocfadh an namhaid nach mbeadh madadh ar bith ann le tafann leofa. • Nach mbeadh de dhifríocht idir samhradh agus geimhreadh faoi dheireadh an tsaoil ach na duilleoga ar an chrann. Beidh tuilleadh fá Cholmcille sa chéad eagrán eile.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3