Guth Ghoill, Eagrán 66
Eagrán 66 Iúil 2020 34 Chuala mé an scéal seo nuair a bhí mé i mo ghasúr óg ach rinne mé dearmad de ach tháinig sé ar ais i mo chuimhne le gairid. Tá áit thuas i dTulach a dtugtar an Dún air agus chuala mé i gcónaí go deachaigh an dún seo i bhfad siar. Bhíodh eagla ar na seandaoine a tháinig romhainn a dhul suas ag an áit agus mar a insíonn an scéal seo is dócha go raibh beagán céille acu. Tá sé ráite gur chuir na hIarlaí a gcuid óir i bhfolach sular fhág siad Rath Maoláin ar eagla go bhfaigheadh na plandóirí greim orthu. Bhí sé in intinn na ndaoine thuas i dTulach go raibh cuid den ór i bhfolach thuas sa dún. Thart fá am an ghorta mhóir bhí na daoine creathnach bocht agus chuideodh an t-ór go mór leofa. Lá amháin chuaigh cúpla fear suas go dtí an dún le spádaí agus é ar intinn acu an t-ór a fháil. Thosaigh siad ag tochailt agus cha raibh siad ag dul dó rófhada nuair a léim cat mór dubh amach orthu. Bhí cuma chreathnach fiáin air agus thosaigh sé a scríobadh lena chuid crúba agus b’éigean dófa rith ‘na bhaile. Lá arna mhárach tháinig na fir ar ais ach cha raibh a dhath le feiceáil. Dúirt siad nuair a phill siad ‘na bhaile nach raibh fianaise ar bith le rá go raibh siad ann agus nach raibh cat ar bith le feiceáil ach an oiread. Cha dtiocfadh leofa tús ná deireadh a dhéanamh de, bhí eagla mhillteanach orthu agus cha deach- aigh siad ar ais go deo arís. Chuala mé le gairid ó mo chomharsana go bhfuil cat mór dubh ag spaltaireacht thart fá Thamhnach Locha agus cait na háite faoi phlá aige. Bhuail mé fhéin le cat mór fíochmhar i dTamhnach Locha tamall beag ó shin, bfhéidir go raibh duine inteacht thuas ag an dún agus gur lig siad an cat as an mhála, nó bfhéidir nach bhfuil a dhath ann ach scéal an mhadaidh rua. Cibé ar bith b’fhearr dúinn a bheith cúramach le bheith sábháilte An Dún, Tulach.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3