Guth Ghoill, Eagrán 66

Eagrán 66 Iúil 2020 35 Rinneadh Tráth na gCeist Boird a reáchtáil sa Síbín Ceoil. Ghlac 5 fhoireann páirt ann. Buíochas mór don Síbín Ceoil a chuir sólaistí ar fáil & do Aodh Mac Laifeartaigh a rinne an oíche seo a eagrú. Ba ag Liam Mac Giolla Bhríde, Angela Nic a’ Bháird & Caoimhín Mac a’ Bháird a bhí an bhuaidh. Bhí scaifte deas ag an Mhaidin Chaife agus achan duine ag déanamh iarracht mhór cibé Gaeilge a bhí acu a úsáid. Buíochas mór don Ionad Acmhainne a chur an seomra ar fáil agus do Pheigí Ryder & Máire Mhic Laifeartaigh a bhí gnóthach sa chistin ar an lá! Titeann Seachtain na Gaeilge, tréimhse ina ndéanann daoine iarrachtaí ar leith Gaeilge a labhairt, i Mí an Mhárta achan bhliain. Ar an drochuair tharla an ’Lockdown’ leathbealaigh fríd an ócáid i mbliana. Cé go raibh díomá orainn gan a bheith ábalta na himeachtaí uilig a chur i láthair, bhí muid iontach sásta leis na hócáidí a bhí againn agus thar a bheith buíoch don tacaíocht ón phobal. Seo cuid se na rudaí a tharla i Ros Goill sular druideadh an tír síos.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3