Guth Ghoill, Eagrán 66

Eagrán 66 Iúil 2020 36 Cé gur thosaigh an tsiúlóid le giota báistí bhain muid an-sult as an turas seo, i Ros Goill, ag éisteacht le Caoimhín Mac a’ Bháird ag insint scéalta stairiúla a bhaineann leis an cheantar. Tá muid fíor-bhuíoch do Chaoimhín a rinne seo a eagrú. Bhí scoth an cheoil, na filíochta agus na drámaíochta ar an stáitse i gColáiste Ros Goill. Chomh maith leis an dráma ‘Máire’ le Noel Ó Gallchóir, dráma a bhí bunaithe ar shaol agus ar shaothar Shéamuis Uí Ghrianna, an scríbhneoir cáiliúil Gaeilge, bhí scéalaíocht le Bríd Anna Ní Bhaoill agus ceol le hAodh Óg Ó Duibheannaigh & Dónal Mac Dáibhéid. Ba dheas an ócaid seo a chur i lathair mar gurb é an imeacht shóisialta dheireanach ar feadh tamaill! Buíochas mór d’achan duine a bhí ann agus go h - airithe do Noel é fhéin a d’eagraigh an tsiamsaíocht.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3