Guth Ghoill, Eagrán 66

Eagrán 66 Iúil 2020 4 Chuaigh mé go Dún Éideann ansin, cathair a bhí lán turasóirí ó thús go deireadh na bliana. Chan turasóir a bhí ionamsa tá mé ag insint daoibh, ach mé ag obair ó dhubh go dubh cosúil le muintir Thír Chonaill uilig. Níl mé ag cur locht ar bith ar Albain. Bhí an tír sin go maith do mhuintir Thír Chonaill agus thug sí slite beatha do na mílte againn nuair nach raibh sa bhaile ach ganntanas agus bochtanas. Ach sin scéal eile agus chan sin an pointe ata mé ag déanamh anseo. ‘ Sé ’ n rud atá mé ag iarraidh a chur in iúl daoibh agus an pictiúr atá mé ag déanamh iarracht a chur os bhur gcomhair ná na sluaite daoine a bhí i gceist agus i mo láthair síos tríd na hathruithe uilig a tháinig ar mo shaol fhéin. Anois, chan covid 19 an chéad ghalar a bhuail an tír seo. Ó bhí me i mo lapadán beag ag snámh thart ar an urlár chuala mé daoine ag caint fá na galair uilig a bhí inár measc. Bhí an bhruitíneach iontach coitianta agus nuair a bhuailfeadh sé páiste amháin sa teach rachadh sé fríd an chuid eile mar a bheadh tine aitinne ann. Sé ’ n t - aon leigheas a bhí ann ag an am ná an leaba agus poitín. Níl a fhios agam cá mbeadh mo mháthair sna blianta sin gan an poitín mar sin an t - aon chógas a bhí ann d ’ achan sórt tinnis. Bhí an plucamas ann fosta agus leoga dá bhfaigheadh páiste amháin é chuirfeadh mo mháthair achan pháiste sa leaba céanna sa dóigh is go bhfaigheadhas muid uilig é. Sa dóigh sin bhí sé tharainn, mar is galar é an plucamas a dhéanann níos mó dochair de réir mar a théann tú in aois. An rud is iontaí fá seo uilig ná go dtiocfadh daoine isteach ’ un tí chugat is na galair seo beo faoin díon. Char chuir se isteach nó amach orthu. Deilgneach, sin galar eile a bhí coitianta agus leoga cha shílim gur sheachain páiste ar bith an galar sin ag an am. ‘ Sé na t - aon duine nach rachadh isteach i dteach ina raibh deilgneach ná bean a bheadh ag iompar linbh. Anois, galar eile ar fad a bhí san eitinn. Má bhí an diabhal sin sa teach bhí agat. Cha rachadh duine ar bith isteach i dteach a raibh an eitinn ann. Rinne an galar sin scrios millteanach sa tír seo lá den tsaol. Thóg sí léi daoine idir óg is aosta gan trócaire. Nuair a fuair duine inteacht bás leis an eitinn dhófadh siad an leaba, na blaincéid is achan rud eile a bhí sa tseomra ina raibh an duine bocht ina luí. Ar chúis éigin nár thuig mé ariamh bhí náire ag baint leis an ghalar sin. Ach i ndiaidh sin is eile ‘ sé ’ n galar a chuir na máithreacha ar crith leis an eagla ná an polio. Thiocfadh sé achan bhliain sa tsamhradh. Cha raibh a fhios ag duine ar bith cá as a dtiocfadh sé nó cad chuige ach cosúil leis an fháinleog thiocfadh sé. Buíochas do Dhia char thrasnaigh sé tairseach s ’ againne ariamh. Nuair a bhí

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3