Guth Ghoill, Eagrán 66

Eagrán 66 Iúil 2020 5 cuid de mo pháistí fhéin óg bhí sé coitianta go leor ach bhí Dia liom agus sheachain muid é. Ach anois, agus seo é mo phointe, nuair a bhí na galair seo ár n - ionsaí fríd an phobal chuaigh an saol ar aghaidh mar is gnáth. Bhí daoine ag obair, bhí na siopaí foscailte agus chuaigh daoine ar an Aifreann Dé Domhnaigh. Cha raibh Bingo ar bith ann ag an am ach dá mbeadh chan druidte síos a bheadh sé! Ta a fhios agam go raibh an Fliú Mór ann i 1918, seacht mbliana roimh m ’ amsa, agus gur maraíodh na mílte sa tír seo, ach ar chúis éigin nach dtuigim chan ábhar é a bhí i mbéal na ndaoine is mé ag fás aníos. Tharla cogadh na saoirse agus an cogadh cathartha cúpla bliain i ndiaidh an fliú agus tógadh mé le scéalta ón tréimhse sin. Mhair na scéalta sin agus bíonn daoine ag caint fá na rudaí a tharla suas go dtí an lá atá inniu ann, ach char maraíodh ach céatadán beag den phobal sna cogaí sin i gcomparáid leis an fliú. Leis an fhírinne a insint, ab é gur tharla Covid 19 cha bheadh a fhios ag formhór na ndaoine sa tír seo gur tharla a leithéid. Cad chuige sin? Léigh mé le gairid go raibh an chéad chogadh domhanda ag tarraingt chun deiridh ag an am agus cha raibh na Sasanaigh ag iarraidh eolas a scaipeadh faoin mhéid daoine a bhí ag fáil bháis, go hairithe faoin mhéid saighdiúirí ar thóg an fliú iad. Is amhlaidh a bhí sé leis na Gearmánaigh agus sin an tuige gur tugadh an Fliú Spáinneach air. Ní dóigh liom go seasann an leithscéal sin, mar níl sé ar dhóigh ar bith láidir go leor le míniú domhsa caide ’ n chúis leis an easpa comhrá fán Fliú Mór. Ach, geallaim seo daoibh, is cuma cén aois atá sibh, beidh neart comhrá faoin ghalar seo ata inár measc inniu, Covid 19. Cha dtagann duine ar bith ’ un tsaoil áit ar bith sa domhan ó seo go ceann céad bliain amach nach mbeidh a fhios acu fán víreas uafásach a rinne an t - ionsaí míthrócaireach seo orainn. Le cuidiú Dé gheobhaidh muid thairis seo agus tiocfaidh an Bingo ar ais mar is maith atá a fhios agam gur sin an rud atá muid uilig ag feitheamh air. Check!

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3