Guth Ghoill, Eagrán 66

Eagrán 66 Iúil 2020 6 Lá den tsaol, bhí an dáréag de Mhuintir Mhic Pháidín ‘ ag nocáil ’ thart fan teach ina raibh cónaí orthu i Leargan Riabhach. B ’ iad sin Jack, an tAthair, a bhean chéile Caitlín, agus na páistí: Máirín, Ciarán, Eithne, Aodán, Déaglán, Seán, Rónán, Dairine, Réamon, agus Órlaith. Anois, níl aon duine acu fágtha i Ros Goill, mar ba ghnáth le Jack a rá, “ tháinig sin agus tiocfaidh seo ”. “ Cé leis Jack? ” Cé gur Mac Pháidín an sloinneadh a bhí air, ní de bhunadh Mhic Pháidín as Ros Goill é ar chor ar bith. Ba as an Bhaile Úr, in aice an Fháil Charraigh, an Mac Pháidin sin. Seo roinnt de chúlra chlann Mhic Pháidín as an Bhaile Úr. Bhí Clann Mhic Pháidín ag cur faofa ar an Bhaile Úr ar feadh cúpla glúin ar a laghad roimhe 1880. Sa bhliain 1889, bhí an ‘ Plan of Campaign ’ ar siúil sa cheantar sin agus greim mhór ag na sagairt ar an treo ina raibh sé ag dul; rud a chur fearg ar na Tiarnaí Talún agus ar Rialtas na Breataine. Cinneadh ar sampla a dhéanamh de na tionóntaithe sa cheantar agus tháinig an Tiarna Talún, Sir John Olphert, faoi bhrú le seo a dhéanamh. In 1889, tharla ceann de na díshealbhaithe ba mhó a tharla in Éirinn nuair a cuireadh as seilbh 323 teaghlach i mBaile Uí Chonaill/ An Baile Úr. Bhí Clann Mhic Pháidín ina measc. Bhí athair Jack, Seán a bhí air fosta, Teach Mhic Pháidín ar an Leargán Riabhach

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3