Guth Ghoill, Eagrán 66
Eagrán 66 Iúil 2020 7 ina thachrán óg nuair a tharla an díshealbhú seo. Ba dhuine de chúpla a bhí ann agus i ndiaidh a bheith curtha amach as a dteach, chuaigh a mháthair isteach sa teach arís faoi bhrat na hoíche ach tháinig na ‘ Péas ’ agus an tArm le í a thabhairt ‘ na phríosún go Leifear. Tháinig sí go dtí ’ n doras agus athair Jack agus an babaí óg eile, Aodh ina lámha aici. Níl fhios cé acu ar scaoileadh í saor ar an bpointe, nó níos moille agus í os comhair na cúirte ach ligeadh saor í de thairbhe an chúpla a bhí faoina cúram. Chaith an chlann tamall i dteach na mbocht i nDún Fionnachaidh agus ina dhiaidh sin i mbotháin adhmaid a tógadh go deonach do na clanna a cuireadh as seilbh. Bhí suim mhór idirnáisiúnta san eachtra seo agus cruinníodh airgead thar lear le cuidiú a thabhairt dóbhtha. Tháinig long isteach le lasta adhmaid go céidh Bhaile an Easa leis na botháin a thógáil. Gan mhoill ina dhiaidh sin, thángthas ar réiteach idir formhór na dtionóntaithe agus an Tiarna Olphert agus phill na tionóntaithe ar an Bhaile Úr, cé go mb'fhéidir nach sna tithe a d ’ fhág siad. I gcás Róise, máthair mhór Jack, a sheas an fód agus an cúpla ina lámha aicí, tarraingíodh pictiúr den ócáid seo agus bhí sé le feiceáil san ‘ United Ireland ’ ar an 27u Aibreán, 1889. Fear darbh ainm J. D. Reigh, a chuaigh go dtí ’ n Fhál Carrach leis na díshealbhaithe seo a chlúdach do na nuachtáin, a léirigh é. Bíonn cuid mhór cainte fán díshealbhú i nGleann Bheatha ach ó thaobh líon daoine de, bhí níos mó daoine i gceist i ndíshealbhú Olphert 1889. Máthair Jack: Julia Duine de chlann Uí Shiadhail as Doire Chasáin Mór í Síle (Julia, 1896 – 1980). Ba dheirfiúr í den tAthair Seán O ’ Siadhail, (1901 – 1971) a clúdaíodh in eagrán níos luaithe de Ghuth Ghoill. Cé gur rugadh Síle i gCill Saidhe (Kilsyth) na hAlban i 1896 agus gur chaith sí tamall ‘ sna Stáit Aontaithe comh maith nuair a bhí sí óg, phill sí go Doire a ’ Chasáin i 1908 lena hathair, Johnnie Mháire Ó Siadhail agus a deartháir Seán. Ba seo i ndiaidh bás a máthar in Albain. Ba ansin a chaith sí a hóige. Cé go raibh siopa ag Johnnie Mháire in aice na céidhe agus go raibh sé ag cur faoi ‘ sna Máthair Mór Jack agus a athair 1889
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3