Guth Ghoill, Eagrán 66
Eagrán 66 Iúil 2020 8 Dúnaibh, ba le Cití Ruairi (Ó Gallachóir as Doire a ’ Chasáin Beag) agus a fear céile Micí Mháire Ó Siadhail, (deartháir a hathar) a chaith siad an chuid is mó dá gcuid ama. Bhí siopa a reáchtáil ag Micí agus Cití thuas an lána os comhair an Grotto atá ag barr Mhalaidh ‘ n Mhuilinn. Agus í ina déagóir, bhí Síle ag obair ar feadh tréimhse i siopa ar an Fhál Charrach agus ba ansin a bhuail sí le Seán MacPháidin, (1889 – 1971) as an Bhaile Úr in aice an Fháil Charraigh. Bhí seisean ag obair i dteach tábhairne béal dorais arbh leis an úinéir chéanna. Phós said i 1916 agus bhog said go Béal Feirste áit ar rugadh an chéad duine den teaghlach, Róise, ach níor mhair sí ach cúpla seach- tain. Rugadh an darna páiste, Jack, i Sráid Sunwich in Oirthear Bhéal Feirste ar an 10ú lá de Mhí Iúil, 1917. Bheadh sé ag insint le grinn gur dearnadh é a bhaisteadh ar an dóú lá déag de Mhí Iúil in Oirthear Bhéal Feirste, rud a bhí fíor. Rugadh an tríú páiste, Aodh, (Hugo), ar an Fhál Charrach i 1919. Ar ais ‘ un an Fháil Charraigh . Mar a luaigh mé, cé gur rugadh Jack i mBéal Feirste, phill an chlann ‘ un an Fháil Charraigh áit ar rugadh deartháir níos óige, Aodh, (Hugo) i 1919. Ní fios cad tuige ar tharla sé ach thart fán am seo, phill Síle lena beirt mhac, Jack agus Hugo go Doire a ’ Chasáin agus níor phill sí chuig a fear céile Seán ar an Fhál Charrach níos mó. Míniú amháin a tugadh ná go bhfuair uncail Shíle, Micí Mháire, bás den fliú mór i 1918 agus gur iarr seanChití Ruairí, bean chéile Mhicí, ar Shíle pilleadh agus lámh chuidithe a thabhairt di leis an siopa i nDoire a ’ Chasáin a reáchtáil. Bhí a fhios ag Cití go mbeadh Síle an - mhaith ag an sórt sin oibre mar go raibh siopa ag a máthair in Albain sula bhfuair sí bás. Lena chois sin tógadh í i siopa Chití i nDoire Chasáin agus fosta, chaith sí seal ag obair i siopa ar an Fhál Charrach sular pósadh í. Cé nach ndearna Síle a thuilleadh teagmhála lena fear céile go lá a bháis, ba ghnáth le Jack agus le Hugo a dhul anonn le laethanta saoire a chaitheamh leis nuair a bhí siad óg. Bhí sé soiléir go raibh cion mór acu dá n - athair agus choinnigh siad an caidreamh seo leis comh maith agus a b'fhéidir leo i rith a shaoil. Fuair a Aodh, Julia agus Jack(ar dheis) i nDoire Chasáin c1933.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3