Guth Ghoill, Eagrán 66
Eagrán 66 Iúil 2020 9 n - athair, Seán, bás i 1971. Óige Jack i nDoire a ’ Chasáin. Nuair a phill Jack agus a dheartháir Aodh go Doire a ’ Chasáin thart fá 1920, ní bheadh mórán Gaeilge acu mar Béarla a labhraíodh sa teach ar an Fhál Charrach. Anois, agus iad ina gcónaí sa teach céanna le Cití Ruairi, bean a raibh scoith na Gaeilge aici agus a labhair é go coitianta leis na custaiméirí a tháinig isteach ‘ sa tsiopa a bhí aici, bhí siad sáite i measc lucht labhartha na Gaeilge. Sa teach seo fosta, nuair a bheadh sé sa bhaile ar laethanta saoire ó Choláiste Adhamhnáin agus níos moille ó Choláiste Phádraig, Maigh Nuad, bhí an tAthair Seán O ’ Siadhail, a n - uncail. Bhí suim iontach aige sa Ghaeilge agus bhí tionchar mór ag seo ar Jack. D ’ fhreastail Jack ar Scoil Dhoire Chasáin, áit ar dhírigh sé go dúthrachtach ar na leabhair agus ag deireadh a ama ansin c1931, fuair sé ‘ scairt ’ go dtí Coláiste Ullmhúcháin i Sráid Mhaol Bhríde i mBaile Átha Cliath. Sé an aidhm a bhí leis na Coláistí Ullmhúcháin ná go dtosnódh daoine ag aois 13/14 ag ullmhú don mhúinteoireacht in áiteacha cosúil le Coláiste Phádraig, Droim Conrach. Coláiste Phádraig, Droim Conrach. I 1936 , thosaigh Jack ar a oiliúint mar mhúinteoir bunscoile i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Nuair a bhí sé ansin bhí stócach eile de bhunadh Ros Goill ansin fosta, ba sin Aindrias Ó ’ hOireachtaigh, ( Aindí Mhicí Ginn). Caithfidh muid cuimhneamh go raibh Jack agus Aindí ina bhfir óga anois, thart fá fiche bliain i ndiaidh Éirí Amach na Cásca agus níos lú na sin arís i ndiaidh Cogadh na Saoirse agus an Cogadh Cathartha. Bhí cuimhne ghéar ag daoine ar an méid a Reisimint an Phiarsaigh 1938. Jack, Ró lár, 5ú ó Chlé
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3