Guth Ghoill, Eagrán 67

Eagrán 67 Deireadh Fómhair 2020 10 bheadh tréad caorach ag rith i dtreo an gheafta, áit a mbeadh an feirmeoir tagtha le biadh. Thiocfadh na huaisle chuig Stephen agus iad ag lorg caddy maith a dtiocfadh leo brath air. Ag an phointe seo bhíodh na caddies uilig cruinnithe thart ar Stephen agus bheadh an ruaille buaille ceart ann ansin, iad crochta as an fhear bhocht, iad ag tarraingt achan bhall dá chuid éadaigh, thosódh an scairteach, iad ag impí is ag achainí air -- ‘…domhsa round a Stephen, domhsa round’ agus ansin cuid acu ag déanamh cás láidir, ‘cha raibh mise amuigh inné’ nó ‘cha raibh mise amuigh le cúpla lá’. Níl mé cinnte caidé’n dóigh ar éirigh le Stephen déileáil go macánta leis na hócáidí seo agus ag an am chéanna srian a choinneáil ar a chuid feirge ach sílim go raibh an phearsantacht aige a chuidigh leis seo a dhéa- namh. Bhí ar Stephen rogha a dhéanamh ansin, caddy amháin a roghnú nó b’fhéidir go mbeadh triúr nó ceathrar caddy a dhíth. Ach de ghnáth i gcaitheamh an lae gheobhadh cuid mhaith de na caddies amach a chaddyáil. Bhí sé mar ghnás ag an am fosta go gcuirfí na caddies ab óige amach leis na mná. Níl mé cinnte caidé’n dóigh a chonaic na huaisle muidinne na blianta sin, caith- fidhse gur shíl siad muid a bheith fiáin go maith agus leath ar mire – páistí agus stócaigh óga ina rith thart i seancheirteacha agus iad ag béiceach, ag liúireach, ag argóint, ag troid agus ag mallachtaigh i dteanga nach raibh tuigbheál ar bith acu di. Tá mé cinnte go bhfaca siad go raibh muid i ngreim na bochtaineachta. ‘Doubler’ Ansin corruair siar sa lá agus na caddies ag éirí gann gheobhadh an mhuintir ba sine deis dhá mhála a iompar--- an ‘doubler’ a bheirtí ar seo! Nuair a rachadh gasúr na hocht bpoll déag le dhá mhála throma ar a dhroim -- ceithre bhata dhéag, bata suí, scáth fearthainne, culaith báistí, flásc póca, carnán cnaganna agus céad toitín in achan mhála – bheadh sé tuirseach traochta ‘na dhiaidh agus bheadh a luach saothair tuillte go maith aige. Fuair na caddies ba sine blas don airgead mór agus saint fá choinne an ‘doubler’. Ba mhór an cuidiú do theaghlach Scaifte Caddies ag tús an 20ú aois. An seanóstán ar a gcúl.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3