Guth Ghoill, Eagrán 67

Eagrán 67 Deireadh Fómhair 2020 11 beirt mhac ag tabhairt isteach suas le cúig scillinge déag ón chaddyáil achan lá ar feadh seachtaine ach b’annamh a tharlódh seo. An tAirgead a Saothraíodh. Cha raibh duine ‘riamh gann in airgead póca agus bhí tú i gcónaí in ann ‘snack’ nó dhó a cheannacht. Má bhí lón leat fhéin, bhí an lá fada agus tú trí mhíle ó bhaile. Ar an bhealach ‘na bhaile ba ghnáth cuairt a thabhairt ar stór beag, b’fhéidir is- teach i siopa Mhicí Coyle nó chuig Maggie Cháitríona, áit a gceannófaí brioscaí agus liomanáid. San am sin bhí brioscaí ar fáil ar a dtabharfadh siad ‘Milford Biscuits’ orthu, bhí siad orlach ar tiús agus cúig orlach trasna. Ní ‘snack’ go dtí é! Ach ba mhór an lúchair agus an bród a bhíodh orainne a bheith ábalta a dhul ‘un tí agus an t-airgead a saothraíodh a shíneadh chuig do mháthair. Cha raibh ciste an tí ag cur thar maoil i dteach ar bith sna blianta sin agus cuireadh fáilte mhór roimh airgead an chaddyáil. Achan Samhradh thagadh na daoine céanna thar n-ais agus bheadh na gasúraí céanna ag caddyáil dóibh agus a bhí an bhliain roimhe sin. Ba mhór an buntáiste sin mar go mbeifeá cinnte de go mbeadh ocht bpoll déag agat achan mhaidin agus go minic naoi bpoll achan tráthnóna. Luach Saothair Breise. Bhí an chuid is mó de na caddies sásta leis an luach saothair laethúil a bhí acu as a gcuid oibre ach cha bhíonn sé i gcónaí furasta achan duine a shásamh agus bhí gasúraí ansin ar mhian leo cur leis an méid a bhí faighte acu. Bhí ‘entrepreneur’ áirithe a thagadh go teach na gcaddies achan mhaidin agus mála úllaí leis agus é a ndíol ar phingin an ceann. Chuireadh sé an mála i bhfolach i bpoll coinín achar áirithe ó theach na gcaddies ansin. Cha raibh sé furasta seo a dhéanamh i ngan fhios do na caddies mar go mbeadh cuid de na caddies ag coinneáil súil ghéar air. Nuair a théadh mo dhuine amach ag caddyáil dhéanfaí an creachadh ar an úllord a bhí aige sa mhála agus dhéanfaí an rannadh ansin. Ag pilleadh don stócach ar na húllaí agus ar fheiceáil dó an slad a bheadh déanta bhíodh an rírá agus an ruaille An poll deireanach (18th) ar Chúrsa Gailf Ros na Rinne.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3